Amhrán Mhaínse – Sean Nós na mBan 2017

Amhrán Mhaínse

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar oileán i bhfad ó thír
Gan éinne beo i mo ghaobhar ach an raithneach glas is fraoch
An sneachta á shéideadh ó thuas is ó dheas, an ghaoth dhá fhuadach dhíom
Is mé bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, níorbh fhada liom an oíche’.

A Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo tíocht fuar?
Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann?
A Dhia cén fáth nár fhág tú mé go dtagadh an lá breá
Le linn don chuach a bheith ag seinm is gach duilliúr glas ag fás.

Dá mo thusa féin a d’imeodh is mise fanacht ann
Bheinn ag oiliúint do chuid clainne go oíche agus go lá
Ó shiúilfinn fhéin na Liobairtí is páirt do Cho an Chláir
Is ní smaoineoinn an fhaid is mhairfinn fear eile a chuir in t-áit

Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighinnse bás
Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche agus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce, na ceaigeannaí is iad lán
Is triúr ban óg ó shléibhte le mé a chaoineadh os cionn cláir.

Agus gearraidh amach mo chónra dhom as fíor scoth gheal na gclár
Is má tá Seán Ó hEidhin i Maínis bíodh sí déanta óna láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín inti istigh, is iad go ró dheas ar mo cheann,
Is tabharfaidh Páidín Mór go Maínis mé nó is garbh a bheas an lá.

Goil siar le Inse Ghainimh dhom, beidh an fharraige ag éirí ard
Ná cuiridh i Leitir Caladh mé, mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaidh siar go Maínis mé an áit a gcaoinfear mé go breá
Beidh soilse ar na dumhachannaí ‘s ní bheidh uaigneas orm ann.