An Chiomach – Sean Nós

An Chiomach

Céad slán don bhliain anuraidh nár dheas mar bhí mé gléasta
Bhí mé in ann a ghoil chun cainte leat i mBéarla ‘gus i nGaeilge.
Nó gur phós mise an chiomach mhallaithe a raibh cúpla bó ‘gus spré léi
Ach d’fhága sí fuar folamh mé ‘gus mo chraiceann geal gan léine.

Is tá scéilín beag le n-aithris agam ach tá náire orm é inseacht
An lá a raibh cúigear fear agam ag tarraing slámín aoileach
D’éalaigh sí ar maidin uaim mar ba chleachtadh léi a dhéanamh
An deamhan ná an diabhal a dtáinig sí go raibh na coiligh glaoite.

‘Gus d’éirigh mise ar maidin agus nigh mé m’éadan is mo lámha
D’fhiafraigh mé do chailín deas an dtiocfadh sé ar walk liom
Cheadaigh sise mammy ach níor bhac sí lena father
Ach faraor dóite deacrach nach sa talamh a chuaigh mé an lá úd.

Is nuair a éiríonn mise ar maidin is nuair a théim go dtí mo láí
Ní bhíonn an tine fadaithe romham ná folach ar na páistí
Ach ní hé sin fhéin a mharaíonn mé dá mhéid dá bhfuil mo dhólás
Ach mo leana bán ag screadach is an chiomach i dteach na comharsain.

Agus comhairle dhíbhse a bhuachaillí an chuid agaibh atá gan pósadh
Ná fágaigí bean mhaith ina ndiaidh mar gheall air í bheith gan bólach
Is go mb’fhearr dhuit bothán glan agat le theacht isteach tráthnóna.
Ná lua bhuí na seachtaine á cuir amach Dé Domhnaigh.

‘Gus iarraimse ar Dhia ‘s Muire an lá amáireach a theacht ina ghála
Is nár sheola aon bhád ón gCaoláire ná trasna go Doire Fheartha
Is fuair mé gloine bhrandy ó bhean na gruaige báine
Agus shíl mé go raibh mil inti ó chuaigh sí thríd na lámha.

‘S dá mbeadh ór buí agamsa agus airgead i mo phóicín
Dhéanfainn bóithrín aicearra go doras tí mo stóirín
Le súil le Dia ‘gus Muire go gcloisfinn sála binn a bróigín
‘S go gcaillfinn codladh seachtaine ag súil le blas a póigín.

Ach mo dhiomú don phósadh nach mairg ariamh a níonns é
Chomh héasca is atá sé dhéanamh ach chomh deacair is atá sé a scaoileadh
Dhá dtiocfadh sé de knack amach ar nós an bhó nó an chaora
An té nach dtaitneodh an bhean sa leaba leis í a thiomáint chuig an aonaigh.