Bríd Thomáis Mhurchadha – Sean Nós 2

Téamaí

Bríd Thomáis Mhurchadha

Tá gairdín mín milis ag Bidín taobh thall den tsliabh,
Fásann úllaí ar chranna ann a bhaintear faoi dhó sa mbliain.
Tá na ródannaí meala is na meachain ins gach ceard den tsliabh,
Is siúcra donn craite ar a mblaiseann mo ghrá den bhia.

Is a Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil.
Ó thug mo chroí gean dhuit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Is gur mór é mo ghean ort seachas cailíní deasa an tsaoil.

Is nach deas mar a bhíonns an eala is í ar an toinn a’ snámh,
Ní deise ná na héiníní a chodlaíonn faoi bharra na gcrann.
Níor dhóigh don uisce seo titim ná d’intinn bean,
‘Gur fear gan aon mhisneach nach rithfeadh naoi n-uaire an seans.

Is milse póg Bhidín ná uisce Loch Éirne ar fad,
Ná an chéad scoth den chruithneacht is é fuinte as úr-mhil bheach.
Tá an bhráid aici is gile ná an eala ina luí ina nead,
Is le do rós-bhéilín meala a mheall tú na céadta fear.

‘Gus rachadh go Sasana nó go gceannóidh mé gairdín úll,
‘Gus loingeas ar farraige le bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach dhom agus leide beag a fháil den chóir,
Is ní chónóinn faoi bhealach go mblaisfinn de phóg mo stór.

’S má bhí mise folamh dar m’fhocal gur mhór an scéal,
‘Gus a liachtaí siúd bean dheas a thug taitneamh go glór mo bhéil.
Dhá mbeadh sé ag cur sheaca, cur shneachta ins gach ceard den spéir,
Ach tusa ’ bheith i m’aice is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha ó molaimse an barr leat fhéin
Ar fhinne, ar ghile, ar dheiseacht is áilne scéimh
Do chúilín deas triopallach fite ina thrisleán óir,
Is an té a bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.

’S a Aon-Mhac Muire a chuir an cuileann thríd an bhféar a’ fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na gciall le grá
Dá mbeadh sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Beidh thusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.