Cuaichín Ghleann Néifinn – Sean Nós na mBan 2019

Téamaí

Cuaichín Ghleann Néifinn

Tá féar fada ’gus fásach sna gleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Bhfuil úllaí ‘gus dealra ag fás go hard ar bharr cranna.
Ach dhá mbeinnse ’s mo stóirín pósta is an saol ag aireachtáil go maith linn
Bheadh an t-airgead inár bpócaí ‘gus an t-ór buí lena í a scaipeadh.

‘S tá smúit ar na réalta, ar an ngrian ‘gus ar an ngealach,
‘S ar amharc mo dhá shúil ní léir dhom na bealaigh
I ndiaidh Chuaichín Ghleann Néifinn nár fhéad mé ariamh a mhealladh,
‘Gus a stóirín, tóg ón bpian mé, mar sé do mhéin mhaith atá go mo lagan.

‘S dhá mba liomsa oileán Éirinn trí chéile ’gus an Bhreatain,
Is a bhfuil don ór craobhach ag Séarlas Ó Fathaigh,
Is dhuitse fhéin a bhéarfainn é as ucht mo chéadsearc a bheith agam
I ngleanntáin mhín Néifinn nó i mBéal an Áth Fhada.

‘S tá cailín óg deas i gciumhais a’ tsléibhe is deas an féirín í le mealladh,
Is chaith mé fhéin an oíche aréir léi, ionas go bhféadfainn í fháil le pósadh
‘Gus chúitíos le Seán Seoighe a bheith romham ar na cros bhóithrí
‘S bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín, ‘gus sé pingine ar mo leaba.

‘Gus tógfaidh mé mo sheolta go dúiche Sheoigeach go moch ar maidin
Ar cuairt ar mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasadh
Ó fágtha mé an tsráid seo mar go bhfuil sé ina chíor thuathail
Agus leanfaidh mé mo grá bán ins gach ceard dá bhfaighidh mé tuairisc.