A Bhríde Bheag Chróin – Corn Uí Riada 2012

Téamaí

A Bhríde Bheag Chróin

A Bhríde bheag chrón, teanam ag ó1,
Is ná bíodh brón ná buairt ort,
A ghearra-bhean shéimh na málann deas caol,
Ná tiocfá  liom féin san uaigneas?
Go deimhin is go dearfa, déanaimis margadh,
Thíos i dtigh an tabhairne ar fuaimint,
Mar a mbeidh ól agus ragairne ó oíche go maidin,
Is is dócha go bhfanfam go Luan ann.

A thaisce mo chléibh, tar feasta liom féin,
Is tabharfaidh mé saol breá suairc duit,
Leabaidh chlúmh éan go seascair fé d’thaobh
Agus cuilteanna daora anuas ort,
Cuirfead bróigín caol cantain ort, fáinní ar do ghlacaibh
Is síoda ar do bhonnet ag gluaiseacht,
Pillín ard greanta cuirfead fút ar do chapall,
Is riding dress leata ar do ghuaillibh.

Do gheallais dom séad a mhairfeadh lem’ shaol,
Is tá’s agat féin cad ‘dúrt leat,
Go mbeadh mo charaid go léir in earráid liom fhéin
Dá  ndéanfainnse an scéal san suas leat,
Ní phósfainn tú, geallaim, ná aon fhear ded’ shamhail,
Dá mbeinn fad a mhairfinn gan nuachar,
Gan léiseanna fada agus ba beaga bainne
‘Gus feirm bhreá thalaimh mar dhualgas.

Do dhéanfainnse an céachta idir anla agus béama,
Is chuirfinn é i ngléas ar fuaimeat,
Do bhainfinnse an féar go gasta le faobhar,
Le fuinneamh mo ghéag óm’ ghuaillnibh,
Do romharfainn, do ghrafainn, do thaoscfainn an carta
Le mórchuid de scaipeadh lem shluasaid,
Is máistir mé ar fhearaibh chun súistín do chasadh
‘S is fear maith chun iomaire a bhuaint mé.

Is bean mé atá ar strae a fuair seascaireacht saoil,
Agus taitníonn do bhreithre suairc liom,
Bímse in aghaidh an lae ag obair liom féin
Agus allas ‘na shlaod lem ghruannaibh,
Má thugann tú feasta gach ní dhom mar a gheallais,
Is dócha gur fearra dhom gluaiseacht,
Le hóigfhear ciúin cneasta gan mustar gan bladar,
A thabharfadh ór dom le scaipeadh ‘na chruachaibh.