A Ógánaigh an Chúil Chraobhaigh – Corn Uí Riada 2017

A Ógánaigh an Chúil Chraobhaigh

A ógánaigh an chúil chraobhaigh, cad é an taobh ar a go mbíonn tú?
Nó an bhfuileann tú gan chéile, nó an id’ aonar a luíonn tú?
Ó, táimse gan chéile agus im’ aonar sea luímse,
Cé hí sin dhá fhiafraí, nó an éinne beo ‘n tír í?

An amhl’ nán-aithníonn tú mé féinig a chéadsearc mo chroí-se,
‘S gur mé cailín a’ chúil craobhaigh a bhíodh taobh leat san oíche.
Ní aithním tú in aonchor, agus níl aon phioc ded’ ghnaoi ann,
Mar sin do mhill cré mé, ga gréine ‘gus gaoithe.

‘S an cuimhin leatsa an oíche úd do bhíse ag an bhfuinneoig
‘S gur shíneas mo lámh chughat is gur fháscais orm barróg?
Do shíneas-sa síos leat agus im’ chroí ná raibh aon urchóid
Agus d’fhanamair i gcomhluadar gur chualamair an fhuiseog.

‘S an cuimhin leat-sa an oíche úd do bhíosa agus tusa
Fé dhuilliúr na gcrainn amuigh agus an oíche ag cur cuisne?
Mo dhá láimh id’ thimpeall agus m’intinn-se agatsa
‘S lag a shíleas an oíche úd go scaoileadh ár gcumann.”

Beir mo mhallacht chun mo mháthar, agus go brách brách chun m’athair
Nár leog dom tú a phósadh nuair a bhíos suas im’bheathaidh”
Nuair is dóigh le mo mhuintir go mbím ar mo leabaidh
Ar do thuama ‘sea bhímse, ó oíche go maidin.

“Bíonn mo mhuintir a’ plé liom bráthaire ‘gus sagairt
I dtaobh ‘bheith i ngrá leat a Mháire, is tú marbh
Ba scáth ar a’ síon tú agus ba dhíon tú ar a bhfearthainn
Mo ghrianán lae geimhridh tú thíos ins an talamh”
“Bíonn mo mhuintir a plé liom nuair ná pósfainnse Clíona
Go mbeadh broscán mór bó aici agus ór buí ag a muintir”
“Dá ndéanfása an gnó san is dócha gur tú bheadh thíos leis
Go mbeadh do shochraid a’gabháil a’bhóthair mar nós ag do mhuintir”