Aisling Gheal – Corn Uí Riada 2010

Aisling Gheal

Aisling gheal do shlad trím néal mé,
Go rabhas-sa tréith-lag le seal im luí,
Is go rabhas i ngleann cois abhann im’ aonar,
Is go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí
Go raibh na camthaí Gall agus Gaelach
Agus claimhte géara ag uaisle an tsaoil,
Ag breith bharr áidh is a rá le chéile
Go mbeadh lá na naomh anois le fáil gan mhoill.

Ba ghearr a `seal dhom gur dhearcas maighre,
Agus gruaig a cinn léi go féar a’ fás,
A dlaoifholt a tíocht mar na réalthainn
Ag titim léi-se go dtí barr a troighe,
A’ scuabadh an drúchta de bharr an fhéir ghlais,
‘S is lúfar éadrom mar a shiúlíodh sí,
A dá cíoch chruinne ar a hucht go néata,
A grua mar na caortha is ba gheal í a píp.

Do bheannaíos-sa do mo chuid i nGaolainn,
Is is modhail ‘s is béasach do fhreagair sí,
‘A phlúr na bhfear, mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé ná táinig mh’aois.
Dhá dtéadh sa ghreann dúinn clann do dhéanamh,
Is go mbeifeá séantach ins an gníomh,
Gur gearr ón mbás mé, is go bhfágfainn Éire,
I mo ghóist im aonar bheinn romhat sa tslí.

Go deimhin féin a óigbhean dhá mba áil leat mé a phósadh
Gurbh é ba dhócha ná beimís bocht
Is gur gearr go dtógfainn teaghlach nua dhuit
A bheadh go ró-dheas idir shlinn is chonách
Do sheinnfinn ceol go minic sa ló dhuit
Agus imirt chóir ar gach cluiche i gceart 
Is is fíor go bpógfainn ó m’chroí mo stóirín
Is bí ar mo thórraimh nó tabhair dom gean.

Do leagas mo lámh uirthi go béasach
Ó bhun a stays go dtí barr a troighe,
Is in aghaidh gach stair go ndeininn a lé’ dhi
Go bpógfainn a béilín tláth arís.
Nuair a fuaireas-sa dhom gur ghéill sí.
Mo chroí do léim mar an éan ar chraobh,
Trí lár mo smaoinimh gur mhúscail néal mé
Is le cumha ina déidh siúd ní mhairfidh mí.