An Chóisir – Sean Nós na mBan 2013

Do ghluais an batalach tóstalach
‘Gus poitín a’ fhreastail ar chorda aige
A’ d’iarraidh leanna chun cóisire
Chun iad a chur ar na stárthaibh.

Ar a theacht abhaile trí bhóthar Tuirc
Is poitín a’fhreastail ar chórd’ aige
Do thit an canna ar a thóin ar leic
Gus siúd a chuid leanna le fána.

Is an ti- did-dle-dee di-dee dom
Is an ti -di-dee did-dle-dee di-dee dom
Do thit an canna ar a thóin ar leic
Gus siúd a chuid leanna le fána.

Do imigh an fairceallach crón ansin
Agus dúirt “Táim creachta go deo leis sin”
Nuair a bhí an canna gan tóin aige
Gan braon sa bhaile ach an bláthach.

Do bhuail a bhosa go cráite ansan
Agus dúirt “Táim creachta go brách leis sin”
Ar cuaird in aistear atáim anois
Gan chlú, gan ainm, gan árthach.

Is an ti-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti -di-dee did-dle-dee di-dee dom
Ar cuaird in aistear atáim anois
Gan chlú, gan ainm, gan árthach

Bhí fuaim an easa mar cheol acu
‘Gus dríodar praisce dá ól mar phunch
Rí rá ag bacaigh le mórtais ann
‘S nach orthu bhí an t-eirí in airde

Bhí Síle shalach mar chócaire acu
Agus feoil a’ ghabhair bhradaigh dá róst’ ar bior
Go bhfaighfí bolaithe dreoite uirthi
Ó bheith ina croiceann le ráithe.

Is an ti-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti -dee did-dle-dee di-dee dom
Go bhfaighfí bolaithe dreoite uirthi
Ó bheith ina croiceann le ráithe.

Do ghluais an gasra ar seol go moch
‘S ní raibh capall na cóiste acu
Ach fothoraga chun pósta orthu
Is iad a’ dul go Cill Airne.

Do bhuail an sagart sa ród umpu
Is dóibh do bheannaigh go córach glic
Téigí abhaile ‘gus tógaidh tigh
‘Gus cuiridh bhur gcapall ar stábla.

Is an ti-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti-dee did-dle-dee di-dee dom
Téigí abhaile ‘gus tógaidh tigh
‘Gus cuiridh bhur gcapall ar stábla.

“Go deimhin a athair ní cóir duit sin
Is ní dócha go nglacfam do chomhairle anois
Téanam cois falla nó póirse linn
Is béarfaimid cnagaire lán duit.

Do ghlac sé fearg ‘s ba mhór é phluic
‘Ní raghad cois falla ná póirse libh
Tabhair chugam bhur gcaille ‘s bhur lóma fir
‘Gus pósfad ar bholg na sráid’ iad”.

Is an ti- di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti -di-dee did-dle-dee di-dee dom
Tabhair chugam bhur gcaille ‘s bhur lóma fir
‘Gus pósfad ar bholg na sráid’ iad”.