An Gamhain Geal Bán – Corn Ui Riada 2009

Téamaí

An Gamhain Geal Bán

Ar maidin Dé Luain is mé ag machnamh ‘s mé ag imeacht ar m’ábhar féin,
Ar bhruach coille móire sea dhearcas an ainnir dob áille scéimh,
Anuas díom gur scuabas mo hata is d’umhlaíos do bháb na gcraobh,
Sé dúirt sí, ‘A fhir mhóir, ná bí id sheasamh.  Suigh farainn go dtráfaidh an saol.’

Diúlthaigh don siúl is don donas, a dhuine suigh síos go lá,
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh agus an tuile sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu d’fheiscint ba dheise ná í do mhnáibh,
I gcionn éalú ó bhearna na coille leis an mbruinneall go Dún na mBárc.

‘S dá mbeinnse i mBeanntraí an fhiolair, i gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in aon chor im ghaire ach an ainnir sa bhfraoch go lá.
Ceann gruaige ba néata is ba dheise dá bhfacas riamh ar mhnáibh,
Agus gur liomsa agus léise nár mhiste dá mbeadh tuilleadh agus bliain sa lá.

Nach ró bhreá iad insíocha an Mhuilinn mar a mbaintear an féar um’ Shamhain,
Is mar a bhfásann an bláth ar gach bile ‘s mar a ndoirtear  gach bliain an gamhain.
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill agus binneas breá éan ar chrann Agus céirbheach i gcréithribh ag sileadh agus iomarca éisc ar abhainn.

‘S is dóigh leo gur b’óige ‘gus mire a chuir mise fé riail mar atáim,
A d’fhág Éire is Clár Fodhla im choinnibh ‘s a maireann dem mhuintir ghnáth,
Ó dá shíor rá go n-ólfainn a dtuillfinn i gcuideachtain chionsa mná,
Agus nach aoibhinn do réicibh na cruinne nuair a imríd cúig ar láimh.

Dá n-imireóinn cúig in aon chluiche ‘s go bhfaighinn an cuireata i gcúl mo lámha
‘S dá n-iompódh aon chúig acu im’ choinnibh chuirfeadh mise bun os cionn lem’ ghrá,
D’imeoinnse ‘s do shnámhfainnse an t-uisce ‘s ní fheithfinn le long ná bád,
‘S ní fhillfinn ná go brách ar aon duine mara bhfillfinn am’ cúr cois trá.

Ar mo ghluaiseacht ar cur tuairisc na mbruinneall ba dheise is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch Ailfinne agus as san go Sliabh den stáir,
Im chuairdibh cé gur mór iad le feiscint, níor thuigeas go raibh aon bhean bhreá,
Ach an stuaire úd a bhuail saighead im choinnibh ar a dtugaid an gamhain geal bán.