Bean Dubh an Ghleanna – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

Bean Dubh an Ghleanna

Tá bó liom ar a’ sliabh, is gan éinne beo ‘na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachar,
Á seoladh soir is siar ins gach áit a ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go dubh an tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn san áit a mbíodh mo rún
Sileann óm’ shúile deora,
‘S a Rí úd thuas na nDúl, nach mór an donas dúinn
Gur bean dubh a bhuaigh faoi bhrón mé.

Thiar ag barr a’ ghleanna ‘sea tá mo ghrá le sealad,
Is í ná fuair guth ná náire,
Sé dúirt sí liom ar maidin den chomhrá ceansa cneasta
‘Imigh is ná feic go brách mé.’
Níl aon ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Mala
Ná as san go dúthaigh Bhéarra
Ná go dtéann go tigh a’ ghleanna ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

Nuair a ghabhaimse féin amach agus téim go claí na sceach,
Sealad go lúb a’ bhóthair
Mo chailín plúrach geal, gur éalaís uaim thar lear,
Agus mo chúig céad slán beo leat!
A lámh mar is maith, agus a crobh mar is ceart,
A d’fhás ar a’ maighre mná so,
‘S nuair a ghabhann sí siúd amach cailleann an ghrian a teas,
Agus cónaíonn an ghealach le grá dhi.

Is is mithid domhsa trácht ar mo mhaighre maise mná
A d’fhuaigh osna trí lár mo chléibhse
A coimín fada bán is a cúilín creathach tláith
Agus a grua mar an eala aoltha
Do shúil mar an sruth ach amháin gan ní a rá
Agus do ghrua mar an eala gléigeal
Do leaca mar na rós is do bhéal tanaí na bpóg
Do chealg im’luathshaol mé.

Dá bhfaighinnse bean mheidhreach, bean dubh nó Laighneach,
Nó bean go mbeadh dhá mhíle bó aici,
Bean na bhfáinní muí, is í a fháscadh suas lem’ chroí,
Agus bean eile ó Rí geal Seoirse,
Iníon óg an Iarla, ‘tá go tinn dubhach díograch
A d’iarraidh mé a fháil le pósadh,
‘S go deimhin dá bhfaighinn mo rogha de mhnáibh dubha deasa an domhain,
‘Sí an Bhean Dubh ón nGleann do thógfainn.