Cruach Mhóna Dhomhnaill Uí Ríordáin – Corn Uí Riada 2011

Cruach Mhóna Dhomhnaill Uí Ríordáin

An bhfeacabhair-se, a dhaoine, an tine le hairde
Le titim na hOíche ar Mhullach na Réidhe?
Bhí cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin
‘Bhí taiscithe díonmhar i dtosach an gheimhridh roimh sneachta nó gaoth.

Beidh an Inid gan mhoill ann is d’oirfeadh bean tí dó,
Níl tine ná spríos aige a bheireodh an tae,
B’é a dúirt Micil Buí mar gur mhaith an fear tí é,
Go dtabharfadh crúib líonta is go ndéanfadh sé déirc.

Pead Buí, is fear ceoil é, agus glaoch chun tigh an óil é,
Tabhair gloine nó dhó dó is cuardóidh sé é,
Mar gur inis na comharsain ar theacht don tráthnóna
Gur ghaibh Domhnall Eoin siar trasna na réidhe.

Go raibh tine ina phóca is é ag lasadh thortóga
Gur dhóigh sé an chruach mhóna is go maithfear do é,
Ach dearbh ó Joan air nár ghaibh sé níos mó uirthi
Nó cuirfear é an cóngar go Botany Bay.

Sé dúirt Máire Chárrthach go rachadh sí thar sáile
Go raibh ann trí ráithe ‘s nach bpósfadh sí é
B’é an síneadh é gan sásamh nárbh eagal do mhnáimh é
Mar nach mbeadh aige páiste i gcaitheamh a shaoil.

Bhí capall mear groí aige ‘gur bearradh an mhoing de,
‘Gus hinseadh go fíor dom go bhuil sé san aos,
Mar gurbh é Seán Ó Cuill nuair a casadh sa tslí é
Go raibh meaisín is cíor aige is gur ceardaí glan é.

Tá do chapall marcáltha  bíodh spoir ar do shála,
Bíodh srian ins gach láimh leat is tógfaidh tú an sway 
‘S más fíor iad na ráite go bhfuil ort aon mháchail
Ná feicim go brách thú anso i bpobal Chúil Aodha.

Beidh do chomharsain ag bruíon leat ‘s in earráid leat choíche,
Má bhaineann tú díol díobh i bportach na réidhe,
Próiseálaí líonta fuair Mathúin is Creed duit
Ar dhearbhú bínse is nár thug dóibh aon spéis.

An sáirsint is an peeler ná ndéanfadh aon ní ort
Ach an Sagart dá insint i bhforas don tsaol
Gur cráin mhuice a bhí agat a mhill do bhrí síolta
Is ar an mbaile ní chífear aon bhratacha scéith.