Seán is a’ bhríste leathair – Corn Uí Riada 2018

Téamaí

Seán is a’ Bhríste Leathair

Nuair a bhíosa i dtús mo shaoil
‘S mé ag éirí suas im’ leanbh
Bhí orm gean gach éinne
Ba mise peata an cheana.
Nuair a bhíosa ag dul sna déagaibh
Do théinn i measc na bhfearaibh
‘S ní mhór dom féin ina dhéidh san
Iompáil amach i mo ghaige.

Is mé bliain is fiche d’aois
Sin é an uair a dheininn gaisce
Níor ghá ach naoi gcoiscéim dom
Chun dul de léim thar geata.
Do thógfainn-se leath chéad
Le neart mo ghéag ón dtalamh
B’é dúirt gach spéirbhean óg
Diabhail an bhríste leathair.

‘S an téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
Téiril éiril é
Seán a’ bhríste leathair

Bhí orm culaith deas éadaigh
In iúl do rí nó marcus
Casóigín channta bréide
Bheistín gléigeal flainín
Stocaí dubha glascaorthach
Is bróigín gaelach smeartha
Haitín íseal Quaker
‘Gus sceilp de bhríste leathair.

Bhíosa lá ar aonach
Is mé ag díol céis ‘s banbh
Casadh orm Lady
‘S í ag ceannach úll is crackers
Nuair a chonaic sí chuici féin mé
Do thóig sí an véil dá bonnet
‘S chuir sí suim a súl
I shape mo bhríste leathair.

‘S an téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
Téiril éiril é
Seán a’ bhríste leathair

Tráthnóinín beag déanach
Is mise teacht abhaile
Cé chonaic ag iompú an chúinne
Ach an chúilfhionn is í ‘om fhaire
Do dhruid sí liom go dlúth
‘S do labhair sí liom go cneasta
Is chuir sí nimh a súl
I dtóin mo bhríste leathair.

‘S an téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
Téiril éiril é
Seán a’ bhríste leathair.

Do thugas croitheadh lámh dhi
Nuair a fuaireas féin an t-offer
Chuamar go tigh a’ tábhairne
Is bhí ag ól ansan go maidin
Sé dúirt sí lá arna ‘mhárach
Gur measa mé ná a hathair
Is ná scarfadh sí go brách
Le Seán a’ bhríste leathair.

Ghluais a hathair is a máthair
Á lorg ar fud an bhaile
Fuaireadh mise is Máire
I dtigh an tábhairne ar leabaidh
Nuair fhágamar an áit sin
Do chuamar go tigh an tsagairt
Is fuaireas baile stáit
De bharr mo bhríste leathair.

‘S an téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
Téiril éiril é
Seán a’ bhríste leathair.

Bhí an dinnéar ann ar áilleacht
Dóthain rí nó marcuis
Mór uaisle na háite
Go leor isteach thar balla.
Sagairt na paróiste, an bráthair is an tEaspag
Gach éinne ag ól sláinte
Sheáin a’ bhríste leathair.

Nuair dh’itheamar ár ndóthain
Is d’ólamar ár n-acmhainn
Seinneadh suas an ceol do
Sheán a’ bhríste leathair
Do rinnceas féin le Máire
Is is ró bhreá ag bualadh an talamh
Gach éinne ag sciúngadh gáire
Le fuaim mo bhríste leathair

‘S an téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
Téiril éiril é
Seán a’ bhríste leathair.

D’fhiafraigh siad go léir díom
Cá bhfuaireas an bríste leathair
Dúirt-sa leo go béasach
Sin smut do chraiceann reatha
Ba dheas ba néata a bhásta
A bhfóram is a phlapa
Is ní raibh aon locht sa tsaol air
Ach a ioscaid a bheith ag crapadh.

‘S an téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
Téiril éiril é
Seán a’ bhríste leathair.