Ag an Phobal Dé Domhnaigh – Corn Uí Riada 2011

Amhránaí

Ag an Phobal Dé Domhnaigh

Ag an phobal Dé Domhnaigh thug me mórchion don chailín,
Sí ba deise is ba bhreáithe dar tógadh riamh i mbaile,
Bhí a béilín mar bheadh an rós ann ‘s bhí a caoinchom mar bheadh an sneachta,
Ó, is a Rí, nach bhfuil mo lóistín san áit a gcóiríonn sí a leabaidh.

Tá an rógaire ‘mo mhealladh is tá an peaca á dhéanamh,
Tharraing sé mo chroí istigh agus bhí sé aríst á shéanadh,
Ach má tá do bhean sa bhaile agat ‘s do leanbán le bréagadh,
Pill arís uirthi, a shladaí, is cha bhíonn roinnt agam fhéin leat.

Dá mbíodh a fhios ag mo dheartháir mo leatrom, ba trua leis,
Dá mbíodh a fhios go dearfa, go rachfainnse an bhuaireamh,
D’éireochainn féin in airde mar bheadh an éanlaith fá na cuanta
No go n-insínn mo ghearán do mo leannán ar an uaigneas.

Dá mbíodh péire glan sciathán is mo chliatháin fhéin anuas liom,
Dá mbíodh, go dearfa go rachainnse ‘on bhuachaill,
D’éireochainn féin in airde mar bheadh an éanlaith fá na cuanta
No go n-insínn mo ghearán do mo leannán ar an uaigneas.

Bliain agus daichead dá maireáfasa, a bhuachaill,
Do ghrá-sa cha dtabharfainn do éinneach a bhfuil ar an domhan,
Ach nuair nach bhfuil na buaibh agam ná na buaraí  lena gceangal,
Seo mo chúig bheannacht déag duit ‘s beidh muid araon ag dul ‘na bhaile.