Art Ó Ceallaigh – Sean nós na mBan 2016

Amhránaí

Art Ó Ceallaigh

Bhí mé lá fada is mé ag tarraingt an aonaigh
Is go Tí Airt Uí Cheallaigh a casadh san oíche mé
Casadh teach folamh, gan tine gan daoine,
Agus shuigh mise síos a’ dhéanamh mo scríste,
‘S Ím bó

Níorbh fhada is níor ghearr go dtáinig Art ‘un tí
‘S ní dhúirt sé Good Morrow ‘s d’fhiafraigh sé díom
What’s the matter a ghiolla cá mbíonn tú?
Nó caidé an seachrán a ruaig chun mo thí tú.
‘S Ím bó

Strainséar bocht mise, as Condae na Mí mé
A tháinig isteach a dhéanamh mo scríste
A tháinig isteach ag lasadh mo phíopa
Is dá bhfanóinn amuigh gurbh fhada domh an oíche.
‘S Ím bó

Ní gnáth linn le strainséaraí a theacht chun a’ tí
Níor tháinig ariamh, is ní thiocfaidh a choích’
Níl aon nduine anseo ach mé fhéin is m’iníon bheag
‘S dá mairfeadh m’athair ní thabharfainn dó dídean.
‘S Ím bó

Muise, is mairg dod’ athair a thóg ina thí thú
Muna dtabharfá dó tine, fascadh ná dídean
Míle glóir do Dhia nach bhfuil a dhath de mo ghaol leat
Nó is duine thú Art nach bhfuil cosúil le Críostaí.
‘S Ím bó

Stad dod’ sheanmóir agus lig do do shiamsa
I éagóir nár chuala tú i gcúlchlaí ná díog
Nó nach ndeachaigh tú an tí leanna a tógadh do phingineach
Seo bhí mise i mo thraveller ‘gus sin mar a ghninn é.
‘S Ím bó

Ó ní aithnís tí tábhairne romham ins an tslí seo
Mura rachainn go Granaird faoin taca seo oíche.
Is bheadh siad ina gcodladh is bheadh leisce orthu éirí
Is ní fiú do dhallaigh mé an t’aistir a dhéanamh.”
‘S Ím bó

Ó tá an oíche seo sioc is tá an ghealach ag éirí
‘Gus níl an t-aistear chomh fada is shílear
Siúd suas an bealach ‘gus lean é go díreach
Go droichead na gCailleach is go Cartún na gCaorach.
‘S Ím bó

Ansin ghlac Art mo leithscéal go caoithúil
Nuair a shíl sé gur straigléir as Condae na Mí mé
A ghoidfeadh a hata, a bhata is a bhríste
Go fiú slat a’phota, an chroch is a phíopa.
‘S Ím bó

Thosaigh an troid agus thosaigh an scannsáil
Agus leag muid an teach is ní raibh an Art ach an ghann chuid
Thóig mé ar mo bhata agus bhuail mé sa taobh é
Agus d’fhág mé Art Ó Ceallaigh sínte ‘sa ghríosaigh.
‘S Ím bó