Bean an Fhir Rua – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Bean an Fhir Rua

Ó is táilliúr óg aerach mé ag déanamh éadaigh i dtigh an fhir rua
Nó go dtug mo chroí spéis do na béilín meala gan ghruaim.
Agus thug mo chroí spéis do na béilín ba bhinne ná an chuach
Ó is a charaid mo chléibh, dá n-éalófá liom ón fhear ruadh.

Nuair a théim suas ar cuairt go Contae na Mí
Agus cluinim an fear rua a bheith á lua le rúnsearc mo chroí,
Nuair a chluinim, ní fhaighim suaimhneas ná néal de chodladh na hoích’
Is gurb í bean an fhir rua rinne gual domh ‘s in aice mo chroí.

Ó is a bhruinneall gan smál, a bhfuil na dealraitheacha deasa in do ghrua,
Ar mhiste domh a fhiafraigh cad é a chloífeadh aigneadh an fhir rua?
Ní iarrfainn-se aon spás ar an Ardrí atá i bhflaithis na naomh
Ach aon amharc amháin a fháil ar ghrá geal mo chroí.

Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí,
Nuair a leagaimse mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí.
Ní cheilimse ar éinne goidé an fáth a bhfuil ormsa gruaim
In ainneoin eaglais is bráithre, sí grá mo chroí bean an fhir rua.

Ó rachaidh mé síos seal míosa nó coicís ar cuairt
Is ní fillfidh mé aníos nó go síntear mo chaolchorp san uaigh
Arú dochtúirí an tsaoil ní leigheasfadh siad mise ar an uaigh
Ach aon phóg amháin ‘s í a fáil ó Bhean an Fhir Rua.

Dá gcuirfí mé síos i bpríosún dubhdhorcha chrua,
Na boltaí ar mo chaolchorp is na mílte glas as sin suas,
Arú d’éireochainn dhe rúchladh mar a d’éireochadh an eala ón chuan
Ar acht a bheith súgradh seal oíche le Bean an Fhir Rua.

Nár fhága mé an saol seo a choíche is nár gcaillfidh mé an greann
Go raibh mé is mo rúin dul síos fá bharra na mbeann,
Is gan aon neach a bheith ar mo ghaobhair ach Bríd i measc dhuilliúir na gcrann
An fear rua bheith sínte sa díog agus leac os a chionn.