Is Fada Ó Bhaile – Corn Uí Riada 2010

Amhránaí

Is Fada ó Bhaile

Is fada ó bhaile a d’aithneochainn fhéin do shiúl,
Do chúl buí daite faoi hata ghlan éadrom úr,
Bhí blas na meala gach uile mhaidin ar bhéal mo rúin,
Roimhe Shamhain gan amhras beidh faire orm féin le cumhaidh.

Fuair mé féirín ó mo chéadsearc agus póg san oíche’,
A bhfuil beo in Éirinn ní leigheasfadh siad mo bhrón faraoir,
Tá mé réidh leat nó go ndéantar domh conair chaol,
‘S go bhfásaidh an fear glas ‘gus an neantóg fríd lár mo chroí.

A shúil is glaise go mór ná an chuiscreach nuair is úire a bláth,
Scéal cinnte go gcaoinfinn gan staonadh dá gcluinfinn do dháil,
Fearaibh Éireann agus iad a bheith cruinn ar an aon chnoc amháin,
A ghrá, dá bhféadainn is tú féin a bheadh agam ar láimh.

Nach iomaí cailín óg borb ‘níos pósadh baoth
Gan eallach teacht an earraigh, móin na líon
Gan seisreach a threabhfadh  an talamh ‘gus gráinnín síl,
Ach a babaí ar a deasláimh is a cró gan díon.

Bheirim comhairle do mhnáibh óga dá nglacfadh siad uaim é,
Gan a bheith ag ól leis na fearaibh óga ná ag creidbheáil a scéil,
Cha’ bhíonn siad leofa ach mar dhoirteofaí an t-uisce ón ghréin
A Rí na Glóire, tabhair comhairle mo leasa orm fhéin.