An Abhainn Mhór – Corn Uí Riada

An Abhainn Mhór

Tá mo mháithrín go tréan-lag ’s tá sí aonraic ar Chaladh na mBád,
Bíonn sí ag osnaíl is ag éagaoin chuile oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé ina lá,
Tá a comrádaí sínte i gCill Bhríde is tá leac ar a cheann,
Tá a mac ’na cheann siamsa ar fud na tíre ‘gus jug ina láimh.

’S nach bhfuil grá do dháréag agam ’s tá siad aonraic ar aon tsloinne amháin,
Ach tá bean óg ar an méid sin ‘gus ní fhéadfaim a hainm a rá,
Go n-athraí Loch Éirne nó go dtréige an eala a clúmh bán,
Ní inseoidh mé go héag dhaoibh cén réasún lena dtug mé dhi grá.

Nach bhfuil grá do chailín óg agam ’s deir go leor liom nach mairfidh sí mí,
Nuair a théimse go teach an ósta, níl spóirt ann is deise ná í,
Tá a grua mar an rósa is tá sí ag doirteadh na meala ar chaon taobh,
’S an té a bhlaisfeadh dá póigín ‘sea is dócha liom go mbeadh fad ar a shaol.

Chúns a bhéas mé beo in Éirinn ní dhéanfaidh mé ciste ná stór,
Chúns a bhéas mé beo in Éirinn ní thréigfidh mé comhluadar óg,
Chúns a bhéas mé beo in Éirinn óra pléascfaidh mé an jug ar an mbord,
Le do shláinte-sa, a mhíle stóirín, is é an trua nach liom do dhá bhó.
 
Dar mo mhionna agus mo mhóide is dar an leabhar mór a bhfuil mé ag dul thríd,
I gcomhluadar ban óg go deo deo ní ghabhfaidh mé aríst,
Mar is leo a chaith mé mo bhróga ó thús m’óige go dtí deireadh mo shaoil,
Is nár fhágadar i mo sheó mé ag cur tuairisc cá gcodlóinn an oíche.

’S nach bhfuil mo chóta mór stróicthe ó ghlúin is tá sé ag sileadh liom síos,
Ach an té a chuirfeadh caoi agus cóir air, céad faraor tá sé i bhfad ó mo shlinn,
An táilliúr glan cóir ar an Aird Mhóir mar atá Tomáisín Bán,
Is go gcuirfeadh sé velvet air is green velvet aniar thrína lár.

Mo mhíle slán leat, a Abhainn Mhóir bhocht, is é mo bhrón gan mé anocht le do thaobh,
Mar is iomaí sin bóithrín caol uaigneach goil idir mé is tú,
Mar is ann a bhíodh an spóirt againn chuile oíche Dhomhnaigh ag cur gaisce ina shuí,
Bhíodh jug ar an mbord ann gus mo stóirín go fial fairsing dhá roinnt.