An Raicín Álainn – Sean Nós

Téamaí

An Raicín Álainn

Bhí mé lá breá gréine ag gabháil an ród seo siar
Casadh cailín óg orm ‘s í ag bleán na bó cois claí
Bheirimse fhéin mo mhóid dhi as an rós a bhí ina haghaidh
Ó gluais is tar an bóithrín liom ag baint an Fhómhair bhuí.

Ó bhí mé glic go leor leis an spóirt a chur ‘un cinn
Chuaigh muid go teach an ósta ‘gus ar ndóigh shuigh muid síos
Bhí púins is fíon ar bord a’ainn ach is ormsa ‘bhí é íoc
Ó d’imigh sé síos an bóithrín uaim is mo raca ‘na phóca thíos.

“Is nach brónach an bhean go lá mé a stóirín”, a deir sí
“Ní dhéanfaidh mé spraoi ná gáire nó go dtige sé an ród seo arís
Tá an ghruaig ag titim ‘na dualaí dhíom ‘s gan cheo a’am a réiteodh í
Ó chaill mé an raicín álainn ‘bhíodh go hard i gcúl mo chinn”.

‘Gus tiocfaidh sé an ród seo amáireach is cuir céad fáilte faoi
Socraigh cathaoir ar chlár dhó go hard i lár an tí
Bain a hata dhá cheannín ‘s ná bíodh cás ná náire ort faoi
Nó go bhfaigh’ mé an raicín álainn ‘bhíodh go hard i gcúl mo chinn.