Caisleán Uí Néill – Sean Nós na mBan

Caisleán Uí Néill

Céad slán don oíche aréir,
Sé mo léan gan í anocht ina tús
Leis an mbuachaillín spéiriúil
A bhréagadh mé seal ar a ghlúin
Má chuir tú orm an t-éileamh,
A mhíle grá bán, ní leatsa mo rún
Ach céad faraor géar,
Tá na sléibhte goil idir mé ‘s tú.

Tá an gairdín seo in’ fhásach,
A mhíle grá bán, ‘s tá mise liom péin
‘S tá an pabhsae a’ fás ann
Is áille dhá bhfaca tú riamh
Ní chluinfeá ceol cláirsí goil an tsráid seo
Ná ceol binn na n-éan
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim,
Craoibhín álainn, go Caisleán Uí Néill.

‘S i gCaisleán Uí Néill
Atá an péarla bhain díomsa mo ghrá
A dtug mé fhéin spéis dhó
Sé mo léan géar i ngan fhios don tslua
Ach i dteallach tí mhóir sea chónaíonns
Is a chodhlaíonns mo ghrá
‘Gus a shamhail níl le fáil ann
Ach an réalt eolais atá ar an mbaile údan thall

Is ba mhilse liom do phóigín
Ná an rós a thagann faoi bhláth
Le cumha i ndiaidh mo stóirín
Ní mó ná go gcodlaím go sámh
Ach bliain san oíche aréir
Sea réab na capaill an fál
‘Gus chuaigh siad go léim
Sé mo léan géar amach ins an snámh.

‘Gus d’aithneoinn mo stóirín
Is é goil trí shiopaí Bhleá Cliath
Agus d’aithneoinn arís é
Is é ag goil tríd an mbaile údan thiar
Dhá mba liomsa Tír Eoghain
Cé gur mór é le tairiscint mar spré
Ach b’fhearr liom a bheith pósta
Le mo stóirín atá i gCaisleán Uí Néill.