Mainistir na Búille – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

Mainistir na Búille

Chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Búille
Mo luí ar mo leaba, ní i mo chodladh ach mo dhúiseacht,
Ag súil leat chuile leathuair go dtabharfá an sagart faoi rún leat,
Ó, bhí tú do mo mhealladh nó gur chaill mé mo chliú leat.

Mar bhláth bán ins sa ngáirdín a bhíonn mo ghrá-sa i dtús an tsamhraidh,
Nó na faoileáiníní bána a bhíonn ag snámh ar Loch Éirne,
Nó mar loingis os cionn an tsáile a mbeadh an dealramh ag dul timpeall,
Agus sin mar a bhíonn mo ghrása ag teacht ag rámhailtí i m’intinn.

Chuaigh mo mhuintir go Baile an Róba ag cuir mo chónra dhá déanamh
Is chuaigh an chuid eile acu go Coillte Eochaill
Ag baint mo chróchair de bharr géaga,
Ach tá súil le Rí na nGrásta agam go bhfuil siad uilig bréagach,
Is go mbeidh mise is mo mhíle stóirín seal i gabháil lena chéile.

Is nach aoibhinn don chábán a dtéann mo ghrása ag ól ann,
Is nach aoibhinn don chosán ar a leagann sé a bhróig air,
Is nach aoibhinn don chailín óg deas a gheobhfas é le pósadh é,
Réalt eolais na maidne is crann soilse an tráthnóna.

Nár ba fada nó go bhfágha mé uait litir ‘gus scéala,
Is nár ba fada nó go bhfágha mé le n-oscailt ‘s le léamh í,
Nár ba fada nó go bhfeice mé an sagart ina léine,
Ór buí inár bpócaí ‘gus muide pósta ar a chéile.