Máire Ní Ghríofa – Sean Nós

Téamaí

Máire Ní Ghríofa

Óra grá mo chroí le m’anam thú seachas a bhfuil beo,
Mar is tú a shábháil m’anam dhom an lá úd a tháinig mór.
Bhí dhá chúrsa ceangailte agam agus barróg ar an seol
Is níor scar mé le ceann Galúna nó go dtáinig mé isteach sa ród.

Dá bhfeictheá bád chlann Dhonnchada gach lá dá dtéadh sí a’ seóil
Phlúchadh sí an fharraige ‘s ní fhliuchfadh sí ceann seóil
Bhíodh tús ar chuile gheall aici dhá dtagadh an lá mór
Is go ndíolfainn mo luchtín móna, ‘s mé ag comhrá le mo stór.

Ó mo ghrá thú Mháire Ní Ghríofa, is tú an ríbhean thar na mná,
Níor iarr mé ariamh an cnaigín ort nach líonfá suas an cárt
Nuair a dhéanfainn a ghoil dhá íoc leat ní dhéanfá fúm ach greann,
Ní scarfaidh mo chroíse  choíche leat go dtí an oíche thar éis mo bháis.

Ó is nach iomaí maidin Domhnaigh a chaith  mé súgach maith go leor,
Ag dul síos le mo luchtín móna is dhá chúrsa ar an seól mór,
Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar bith do ghála ná do cheo,
Nó go dtéinnse ag caint le plúr na mban a bhí romham ‘san mbaile mór.

Ach nuair a imeoidh mé ar an áit seo ‘s nuair a dhíbreofar mé as an mbád
Caithfidh mé oíche i Maoinis is dhá oíche sa Trá Bháin
Siúlfidh mé thart na Líobairtí is anonn faoi Co an  Chláir
Ach mura bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.