Tógfaidh mé mo Sheolta – Corn Uí Riada 2010

Tógfaidh mé mo sheolta

Tógfaidh mé mo sheolta go Dúiche Sheoigheach ar maidin,
Ar cuairt chuig mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad,
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go dtosaí an fómhar ag goil chun finne
Is nach rí dheas an rud í an óige is i ndiaidh mo stóirín atá mise.

‘Mo dhilleachtín cráite a fágadh mé gan athair,
‘S dá mbeadh mo chliú i ndán dom cér chás dhom a bheith folamh,
Níl aon fhear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
Nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná a ghoil ar aon nós go na flaithis.

Thuas i gciumhais an tSléibhe atá an péarla a bhíonns mo mhealladh,
Buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáthadh an gháire faoina hata,
Gheall sé dhom go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala,
Ach ní léir dhom na cros bhóithrí ag na deora do mo dhalladh.

Tá a fhios ag na daoine gur iomaí smaoineamh crua deacrach
A théanns trasna thrí m’intinn is mé mo luí ar mo leaba
Ach más fortún atá i ndán dom is gan a ghoil thairis
Bí romham ag na crosbhóithrí is beidh muid pósta goil abhaile.

Tá féar fada agus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
A mbíonn úllaí agus airní ag fás go hard ar bharr cranna,
Ach is cuma liomsa céard déarfa aon neach, ní hé mo chéadsearc a déarfas tada,
Más í do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí ar leac an teallaigh.