Dónall Óg – Corn Uí Riada 2010

Téamaí

Dónall Óg

A Dhónaill Óig má théir thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dearmad
Beidh agat féirín lá aonaigh ‘gus margadh
Beidh  iníon Rí Sheoirse mar chéile leapan agat.

Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Ní shin é an grá a thug an t-uan don chaora
Ach an grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

Gheall tú dhomsa ‘gus rinne tú bréag liom
Go mbeithfeá romham -sa ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is míle béiceach
Ach ní bhfuair mé romham ach na huain ag méileach.

Bhain tú thoir dhíom  is bhain tú thiar dhíom,
Bhain tú an ghealach ’s bhain tú an ghrian dhíom,
Bhain tú romham is bhain tú mo dhiaidh dhíom,
‘Sé rí-mhór m’fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.

‘S má thagann tú chughamsa ó tar san oíche
Buail ar an doras nach ndéanann aon ghíoscán 
Is nuair  a fhiafrós mo mháithrín cé dá thaobh thú
Abair léithi gur siolla ón ngaoth thú.

Siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Mé ar mo ghlúine ag léamh na Páise,
Is bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Chuir tú amach mé is bhí an oíche báisteach
Fuair mé leagan mór le fána
Níor dhúirt tú “Dia linn” is bhí tú i láthair
‘Gus bhíos a’msa an uair úd go raibh fuath ag mo ghrá dhom.

Tá mo chroí-sa brúite briste
Mar a bheadh leac-oighre ar uachtar uisce
Mar a bheadh crota trom taréis a mbriste
Nó maighdean óg taréis a scriosta.

‘S nuair a théimse fhéin go Tobar Phádraig
Ag tabhairt an turais ar son mo ghrá gheal
Níl mo shúil leat inniu ná amáireach
Is a mhúirnín dhílis mo chúig chéad slán leat.