Donncha Bán – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

Donncha Bán

Nach ar an mbaile seo a chonaic mé an t-iontas,
Donncha Bán is é dhá dhaoradh;
Bhí caipín bán air in áit a hata
‘Gus róipín cnáibe in áit a charbhata.

‘S tá spré Dhonncha Bháin ag tíocht abhaile
Is ní ba, caoire é ná capaill
Ach clár cónra is coinnle geala
Tobac is píopaí ag lucht a gcaite.

Is a Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis,
Nach maith atá a fhios a’am céard a bhain dhíom thú;
Ag líonadh an chupáin is ag deargadh an phíopa
S ag siúl na drúchta go mall san oíche.

‘S dhá mbeadh Donncha Bán san áit ba chóir dhó
Idir Chaisleán a’ Bharraigh is Baile an Róba
Bhrisfí an chroch agus ghearrfaí an rópa
‘Gus ligfí Donncha Bán bhocht abhaile ar an eolas.

Is a Mhic Uí Mhaolchróin ná raibh ádh ná séan ort
Ná raibh d’iníon ag iarraidh spré ort
Nár fhaigh do chlann mhac am i bhfochair a chéile
Is tú a bhain mo dheartháir díom a bhí geal gléigeal.

Ó thug tú t-éacht a scuaile an mhí-ádh
Ní laoi bó bradaigh a bhí i mo dheartháir
Ach buachaill cruinn deas ar chnoc is ar chnocán
A bhainfeadh fuaim go bog binn as camán.

‘S a bhean úd thall a rinne do gháire
Nár raibh tú oíche ach mar atá mé
Do shúile ag silt is do chroí a bheith cráite
Is do dhá láimh thimpeall ar mhac do mháthar.

Ochón, ó is nach ciúin í an oíche
Ach ní ciúin iad mná do chaointe
Ceann do chónra folamh is lámha líonta
Is Donncha Bán bhocht mo dheartháir sínte.

Lig mé an chéad glaoch ag barr an bhaile
An dara glaoch ba ag teach leathbealaigh é
An tríú glaoch ba ag ceann na croiche é
Is bhí Donncha Bán bhocht is an ceann á scoitheadh de.

Tá mé siúl ó tháinig an oíche
Mo dhá láimh osclaí is mo bhrollach scaoilte
Pardún mo dheartháir ar mo bhrollach scríofa
Ach ar theacht i láthair dom bhí mo dhiobháil déanta.