An Dall – Corn Uí Riada 2012

An Dall

Thuas i gciumhais an tsléibhe
Tá díol an rí de chéile,
A dtug mo chroí-sa spéis di
Dhá mb’fhéidir liom í fháil,
Siúd í fhéin an péarla
Tá múinte, maiseach, maorga
Is mara bhfágha mé í le bréagadh
Ní mhairfidh mé i bhfad san áit.

Tá a grua ar dhath na gcaorthan
Is a leaca geal dhá réir sin,
Is a folt trom casta, gléigeal
Go féar léi a’ fás.
Is an té a bheadh sínte léithe
Níor bhaol dhó peaca a dhéanamh;
Mar go dtógfadh póg a béilín
Na céadta fear ón mbás.

Is tháinig sí go múinte
‘Gus  labhair sí lena father,
An scéal atá á rá agat
Ó, ní maith liom gan é ‘thriall.
Mar an fear atá tú cháineadh
Ní scarfaidh mo chroí go brách leis,
Dhá dtagadh Rí na Fraince
Is an Bhanríon ‘na dhiaidh.

Muise’ iníon chroí na páirte,
Cé gur doiligh liom é a rá leat,
Mar go bhfuil sé ar fud na háite
Gur bean thú a chaill do chiall;
Ach ós dall a dtug tú grá dhó
Is nach féidir liom cur eadraibh
Seo an róipín in do láimh dhuit
Is bí dhá thornáil do dhiaidh!

Muise a chuid don tsaol is a chéad searc
Ná géill-se do do mhuintir
Mar cuirfidh siad i gcroí dhuit
Gach ar féidir leo a rá
Má chaill mé fhéin an léargas
Níor chaill mé brí mo méara;
Is go dtabharfainn ceol is pléisiúr
Is ar an aonach do mo mhnaoi.

‘Séard a dúirt mo dheaide liomsa
Nár léir dhuit cat thar chóiste,
Is go mbuailfi buachaill bó orm
Ar an ród i leaba a’ rí.
Ólfaidh sé do chlóca
Do stocaí ‘gus do bhróga,
‘S fágadh sé go fóill thú
Gan cóiriú gan pingin.

Is tá d’athair bocht dí-chéillí
Beidh sé fós ag iarraidh déirce,
Is gach a maireann beo dhá  mhuintir
Ar chaon taobh  is iad faoi bhrón
Beidh mise is tusa, a chéadsearc
Agus ór againn ‘na chéadta
Agus leapachaí chlumhach éanlaith
Is muid go soineanta san oíche.