An Dall – Corn Uí Riada 2019

An Dall

Thuas i gciumhais an tsléibhe
Tá díol an rí go chéile,
A dtug mo chroí istigh spéis di
Dhá m’bhféidir liom í fháil,
Siúd í fhéin an péarla
Atá múinte, maiseach, maorga
Is mara bhfágha mé í le bréagadh
Ní mhairfidh mé i bhfad san áit.

Tá a grua ar dhath na gcaorthann
Is a leaca geal dhá réir sin,
A folt trom catach glégheal
Go féar léi a’ fás.
Is an té a bheadh sínte léithe
Níor bhaol dó peaca a dhéanamh;
‘S go dtógfadh póg a béilín
Na céadta fear ón mbás.

‘S tháinig sí go múinte
‘Gus labhair sí lena father
An scéal seo atá dhá rá agat
Ó, ní maith liom gan é ‘thriall.
Ach an fear atá tú cháineadh
Ní scaradh mo chroí go brách leis,
Dhá dtagadh Rí na Fraince
‘Gus ‘n Bhanríon ‘na dhiaidh.

Muise iníon chroí na páirte,
Cé gur doiligh liom é a rá leat,
Mar go bhfuil sé ar fud na háite
Gur bean thú a chaill do chiall;
Ach ós dall a dtug tú grá dó
Is nach féidir liom cur eadraibh
Seo róipín in do láimh dhuit
Is bí dhá tharraing leat do dhiaidh.

A chuid don tsaol is a chéad searc
Ná géill-se go do mhuintir
Mar cuirfidh siad i gcroí dhuit
Gach is féidir leo a rá
Má chaill mé fhéin an léargas
Níor chaill mé meabhair mo mhéara;
Is go dtabharfainn ceol is pléisiúr
Is ar an aonach dá mo mhnaoi.

‘Séard a dúirt mo dheaide liomsa
Nach n-aithneófá-sa cat thar chóiste,
Is go mbuailfí buachaill bó orainn
Ar an ród i leaba a’ rí.
Ólfaidh sé do chlóca
Do stocaí ‘gus do bhróga,
Is feicfidh mé go fóill thú
Gan cóiriú ná pingin.

Tá t’athair bocht dí-chéillí
Beidh sé fós ag iarraidh déirce,
Is gach a maireann beo dhá mhuintir
Ar chaon taobh dhe is iad gan pingin
Beidh mise is tusa, a chéad searc
Agus ór buí againn ina chéadta
Agus leapachaí chlumhach éanlaith
In éadan ár dtír.