Micheál Mac Suibhne – Corn Uí Riada 2018

Micheál Mac Suibhne

Is olc an talmhaí mé i dtús an Mhárta
Is ní chaithfinn láidhe ná go ceann seacht mbliain;
Níl breith ar gunna agam ná ar mhaide rámha
Is níl mé i m’fháiteallach ar muir ná ar thír.
‘S ní bhainfinn punann is bhíodh sé in am a ghearradh
Dhá gcáití an gráinne leis an ngaoth aniar;
‘S, óró, a chailín dheas, má tá tú i ndán dhom
Nach fada fánach a bhéas do shuí.

Muise d’iarrfainn bean eicínt murach nach bhfaighinn í
Nuair nach ndearna mé an síol a chur san earrach romham,
Ach istigh mar a bhfuil cailleachaí is iad ag caitheamh an phíopa
Iad ag troid, ‘s ag bruíon is ag déanamh gleo.
‘S nach b’fhurasta aithne dhíom nach raibh mé críonna
Mar b’olc mo bhríste is níor mhaith mo bhróig-
‘S anois a chailín deas, más mé do chaoifeach,
Beidh mála chaon taobh díot, chuans a bhéas tú beo.

‘Séard a deir mo mhuintir do réir a dtuairim
Dhá dtugainn cuairt ar Newfoundland.
Ach nílimse fulannach in iompair ualaigh,
Is nílim in obair tuaí ná i ngearradh crann.
‘S dhá dtuigeadh an stoirm ‘s bíodh an teach dhá fhuadach,
Ní ligfeadh an fuacht dom éirigh ón splainc,
Ach dhá mbeadh teach tábhairne ag bun Bhinn Guaire,
Ó b’é mo dhualgas go dtairneoinn ann.

‘S dhá mbeadh gunna agam, grán is púdar,
‘S nach mharóinn cúpla lach ar móin,
‘S dhéanfainn-se iascaireacht le slat nach lúbadh,
Is ba mhaith mo chúnamh á dtabhairt chun boird.
‘S chuirfinn-se úpa sa bhfaisean cúige
Ní b’fhearr ná dhúinfinn búclaí mo bhróg,
‘S bhréagfainn-se bruinneall dheas go meidhreach lúfar
Agus dhéanfainn súgradh le cailín óg.

Agus óró a chailíní, sin fios mo thréartha
Ó tugaigí-se spéis dom nó ligfidh dó;
Mo chrá, má cheilim-se ar fhearaibh Éireann,
Mar is dom féin tá a lear go deo.
‘S níl maoin ná cuid agam do shaibhreas saolta
Ach an cróin bhreá ghléigeal le haghaidh tigh an óil.
Is más é sin m’fhortún is gur b’é gheall Mac Dé dhom,
Beidh fios mo chéad searc sách luath go fóill.