Máire Inis Seirc – Corn Uí Riada 2014

Téamaí

Máire Inis Seirc

Is dhíbir na sagairt mé amach faoi na gleannta,
Tá mo chliú caillte a’m is caithfidh mé rith;
‘S ní phósfainnse bean ar bith a bhuailfeadh i ngeall mé
Is gur minic le ráithe gur chuir sí mé ag gol.

Is chuaigh mé ar oileán is ba fiáin an áit é,
‘S thug mise seársa thrína lár soir,
Nuair a casadh an ainnir is d’fhiafraigh cárbh áil leat
Cérbh as a tháinig tú nó cá bhfuil tú ag goil?

Sé seachrán na farraige a chas in san áit mé
Ar thuairisc mo bháidín a d’imigh le sruth.
‘S dá bhfanfadh sí i gcaladh agam bliain eile nó ráithe,
Bheadh póg is céad fáilte a’m ó Mháire Inis Seirc.

Is leag sise bord chugam anuas a raibh fíon air,
Is shuíomar síos ann gur ólamar deoch.
Bhí na buidéil ann fairsing is na gloineachaí líonta.’
“Seo baiste na hoíche”, a dúirt Mháire Inis Seirc.

Ach chuaigh sí go Gaillimh le Beairtlín an bádóir
Is nach iomaí fear breá a bhí ag dearcadh ar a dress.
Cuid lásaí go talamh is búclaí ina bróga
Is a cuid síoda go sála faoina dhá cois.

Bhí pictiúr na corónach ar thosach an chóiste
Bhí piostal ina póca is an lann ina glaic,
Faoi bhúclaí airgid is faoi bhobsaís den ór bhuí,
Is cé déarfadh nach seoid í Máire Inis Toirc.

Bhí cóistí ann fairsing is bhí caiple ag rith rástaí
Bhí bratachaí arda ar bharr  ar gach cleith,
Is nuair a las ceann an bhalla le neart tinte cnámha
Bhí an band ag seinm cheoil ann dá cuid capers uilig.

Is dá bhfeicinn an ainnirín d’aithneoinn-se arís í
Ó d’fhanóinn an oíche léi mar is inti a bhí an sult
Nuair a fuair sí mé ar seachrán ó d’iarr chun an tí mé
Agus dúirt, “seo teann aníos liom ‘gus téigh do dhá chois.”

Is a bhfuil do thaithí ag seoladh na farraige móire
Go loingeas báid seolta a thógfadh scadáin is troisc
Muise saibhreas Rí Sheoirse is faighimse mar stór é
Is go mb’fhearr liomsa pósta ag Máire Inis Seirc.