Amhrán Rinn Mhaoile – Sean Nós na mBan 2014

Amhrán Rinn Mhaoile

Scríobhfainn is léifinn litir Ghaeilge is nach milis a blas
‘Gus dhéanfainn céachta Gaelach a réabadh an iomaire ghlas
Dhéanfainn teach téagair go mo chéadsearc agus d’éalóinn léi seal
Is níl fear ar mo thréartha nárbh b’fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Is nár fhaigh mé bás choíche go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam agus caora ‘gus mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá fear óg san tír seo cuir eadrainn gach aon darna lá
Is nár fhaigh sé bás choíchín go mbeidh sé ag caoineadh agus mise ag mo ghrá.

Tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cur na tine seo síos go mo mhian is dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach truaigh le n-aithris mo scéal
Na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

Tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig ‘gus tá siad dhá rá gur tú béilín milis na bpóg
Tá siad dhá rá a mhíle grá bán, go dtug tú dhom cúl
Ach an dea-bhás ná bhfaigh tú má fhaigheann aon duine eile uaim thú.
Ach nár fhaigh siad grásta má fhaigheann aon fhear eile thú.

Gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúil
Gheobhad is dhá bhás le grá don dá chois atá fút
Gheobhad is trí bhás má fhaigheann aon duine eile uaim thú
A chúl thaitneamhach gan smál, mo chrá má cheilimse thú.