An Casaideach Bán – Sean Nós na mBan 2015

Thug mé an ruaig údaí ó mhullach na Cruaiche
‘Gus thart anuas chun an tSléibhe Bháin
Cuir tuairisc mo chailín dheas d’fhága m’intinn buartha
Is a rinne gual dubh do mo chroí ina lár
Ó d’at mo ghuaillí go os cionn mo chluasa
‘Gus fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is níl duine dár gcuala mo scéal an uair sin
Nár dhúirt go mba trua bhocht an Chasaideach Bhán.

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
Sí sin meidhreoig an bhrollaigh bháin
Trua ghéar nach liom í gan bó gan puntaí
Is í a bheith gan chuntas liom ar lár
Dhéanfainn teach mór dhi ar chiumhais an bhóthairín
‘Gus chuirfinn cóistí faoi na clann
‘Gus a chúilín ómra dhá mblífeá bó dhom
I do cheangail Fómhair ní chuirfinn suim.

‘S nach aisteach an réasún a chuir tú i gcéill dhom,
Nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach dtabharfadh an ghealach solas do Éirinn,
‘S nach lasfadh na réalta ach i dtús na hoíche,
Nach mbeadh brí ná spreacadh i dteas na gréine,
Is nach snámhfadh na héisc ar an mhuir gan braon,
Is go n-ardóidh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Go deo ní thréigfidh mé grá mo chroí.

Is bhí mé ag coláiste go ham mo bhearrtha
‘Gus ag an ardscoil ar feadh chúig bliain
Nó go bhfuair mé oideachas agus léann ón Eaglais
Céad faraor cráite ó bhris mé thríd
Is rí-mhór é m’fhaitíos roimhe Rí na nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfainn thríd
Mar gur mó mo pheaca ná leath Chruach Phádraig
Mar gheall ar an ngrá a dtug mé do iníon maoir.

‘Gus siúd í tharam í an eala bhán deas,
‘Gus í chomh breá le bean ar bith
Trua ghéar nuair a gineadh í i mbroinn a máthar
Mar gur le mo bhás-sa a rugadh í.
Níl aon tom cíbe ná aon tulán thimpeall
Ins na gleanntáin aoibhne ina mbíonn mo ghrá
Nach mbíonn ceol dhá sheinm ann de ló agus d’oíche
Is go bhfóire Críost ar an gCasaideach Bhán.