Amhrán Rinn Mhaoile- Sean Nós na mBan 2018

Téamaí

Amhrán Rinn Mhaoile

Scríobhfainn ‘s léifinn leabhra Ghaeilge is nach milis a blas
‘Gus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire ghlas
Dhéanfainn teach téagair go mo chéad searc agus d’éalóinn léi seal
Is níl fear ar mo thréartha nár b’fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Is nár fhaigh mé bás choíchin go gcaith mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam ‘gus caoirigh ‘gus mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá fear óg san tír seo cur eadrainn gach aon dara lá
‘S nár fhaigh sé bás choíchin go mbeidh sé caoineadh ‘gus mise ag mo ghrá.

Tá mé mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cuir na tine seo síos go mo mhian is dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach truaigh le n-aithris mo scéal
Na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile ina gcodladh ach mé fhéin.

Tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig
‘Gus tá siad dhá rá gur tú béilín milis na bpóg
Tá siad dhá rá a mhíle grá bán go dtug tú dhom cúl
Nach deá-bhás nár fhágha tú má fhaigheann aon duie eile uaim thú.

Gheobhadh mé bás le grá go leagan do shúl
Gheobhadh is dhá bhás le grá don dá chois atá fút
Gheobhadh is trí bhás má fhaigheann aon duine eile uaim thú
A chúl thaitneamhach gan smál, mo chrá má cheilimse thú.