Long Mhór na mBúrcach- Sean Nós na mBan 2018

Téamaí

Long Mhór na mBúrcach

Óra stadaigí a dhaoine go n-inseoidh mé dhaoibhse
Tá mearbhall ar m’intinn nach dtuigeann a lán
Níl sé ach dhá mhí anois ó dhearc mé mo chroí istigh
Díol gascíoch de mhnaoi dhá mbeadh goir agam í a fháil.

Bhí a crios mar an aoileann is é leagtha geal míne
Gruaig fhada le síos is í fite as a barr
Ach má tá sé sa saol seo nach agamsa a bheas sí
Mo thaobh deas ní shínfeadh le aon bhean eile go brách.

Nuair a shiúlann an chúlfhionn amach fá na mainte
Bíonn clócha ar a bráid a chuirfeadh slacht ar mhná an tsaoil
Nó measann tú a shúirín dhá dtéinn ar mo ghlúine
Síor aithris mo rún dhuit mbeadh maith ar bith dhom ann.

Ainnirín chiúin deas, lách, macánta, múinte
Ciúin, taitneamhach, lúfar deas macánta tláth
Nó cén fáth i stóirín a b’fhágfá faoi bhrón mé
Tá mo osna lag lúfar is mé marbh le grá.

Óra shíl mé a stóirín nuair a bhlaisfinn do phóigín
Gur mhilse í ná an siúcra mil bheoir is é thríd
Is ní raibh fhios agam ina dhiaidh sin go raibh tú faoi bhrón liom
Go bhfacthas na deoracha ag sileadh leat síos.

Nuair a fuair tú bog óg mé is nár mhian leat mé phósadh
Cuir fios ar mo chónra is ná rith le mo chliú
Is a bhfuil don domhan mhór is ní thógadh sé an brón dhíom
Nuair a chloisim do ghlórtha nó siolla ar do fliúit.

Go moch moch amáireach ó rachaidh mé láithreach
Go bhfeicfidh mé plandóig an tsonais dhuit fhéin
Mar tá sí dhá rá liom naoi n-uaire gur breáichte í
Ná an fliúit ‘s ná an bhabóig ‘s ná ceol binn na n-éan,

Óra Long Mór na mBúrcaigh is í lán de scoth an phlúirín
Is dhuit fhéin a thabharfainn í chéad mhíle grá
Ach mura bhfuil tusa dhomsa mar tá mise dhuitse
Nár fhaigh tú aon duais ar na Flaithis go brách.