Máire Ní Ghríofa – Sean Nós na mBan 2014

Máire Ní Ghríofa

Óra grá mo chroí le m’anam thú seachas a bhfuil beo
Mar is tú a shábháil m’anam dhom an lá úd a tháinig mór.
Bhí dhá chúrsa ceangailte agam ‘gus barróg ar an seol
Is níor scar mé le ceann Galúna nó go dtáinig mé isteach sa ród.

Is dhá bhfeicfeá bád chlann Dhonncha gach lá dá dtéann sí chun seoil
Phlúchfadh sí na farraige is ní fhliuchfadh sí ceann seoil
Bheadh tús ar chuile gheall aici dhá dtagadh an lá mór
Is go ndíolfainn mo luichtín mhóna is mé ag comhrá le mo stór.

‘Gus mo ghrá thú a Mháire Ní Ghríofa is tú an ríbhean thar na mná
Níor iarr mé riamh an craigín ort nach líonfá suas an cárt
Nuair a shílfinn a ghoil á íoc leat ní dhéanfá fúm ach greann
Is ní scarfaidh mo chroí-sa choichín leat go dtí an oíche t’éis mo bháis.

‘S nach iomaí maidin Domhnaigh is mé súgach maith go leor
Ag dul síos le mo luichtín mhóna ‘gus dhá chúrsa ag an seol mór
Níor ghéill mé riamh go mhúr ar bith, do ghála ná do cheo
Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban Bríd Dhónaill as an Aird Mhóir.

Ó nuair a imeoidh mé as an áit seo ‘s nuair a dhíbreoidh siad mé as na báid.
Caithfidh mé oíche i Maínis is dhá oíche sa Trá Bháin
Siúlfaidh amach sna Líobairtí ‘gus anonn faoi Co. an Chláir
Ach mura bpósadh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.