Róisín Dubh – Sean Nós na bhFear 2019

Téamaí

Róisín Dubh

Nach fada an réim a thug mé fhéin liom ó inné go inniu
Trasna sléibhte i mo chadhain aonraic ‘s ní raibh aon neach liom
Loch Éirne chaith mé go léim í cé go mba ard a bhí an sruth
Is tá m’anam gléigeal ligthe i léig a’am le mo Róisín Dubh.

Ó a Róisín ná bíodh brón ort faoi ar éirigh dhuit
Tá do dheartháir in san nGearmáin ‘s tá a thriall thar muir
Tá do phardún ag an bPápa ‘s ag an Róimh uilig
‘S ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

‘S dá mbeadh seisreach a’am is deas a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Dhéanfainn seanmóir ar an altóir mar a hordaíodh dhom
‘S thabharfainn póg don chailín a lig a h-óige liom
‘Gus dhéanfainn cleas deas ar chúl an easa le mo Róisín Dubh.

Is nach bhfuil mo Róisín geal lúthfar taobh thall den sruth
Tá crios an phrionsa uirthi fáiscthe thrí lár a coim
Is ná raibh an smál ort gur shantaigh tú an t-ógfhear glic
Ó díbrigh anonn í nó damnóidh sí na h-oird uilig.

Is nach bhfuil an fharraige ina tonnta tréana ‘s tá an spéir ina fuil
Tá na bráithre bána ag tíocht thar sáile le cabhrú linn
A chroí chumhrainn cén fáth go ndúirt tú go raibh grá agatsa dhom
Is nárbh í an chéad scoth go na mná buartha í mo Róisín Dubh.