Amhrán an Phúca – Corn Uí Riada 2018

Téamaí

Amhrán an Phúca

Bhí mise goil Gaillimh ‘s ní bréag tá mé rá leat
Ní raibh mórán den lá ann is mé fágáil an tí
Ag goil soir Loch an Iolra sea chonaic mé scáile,
Bhí a leath deireadh in airde is é ar mhullach a chinn.

Dhruid mise isteach leis go ndearcainn ní b’fhearr é
‘S go deimhin má theannas ní theannóinn-se arís
Mar thosaigh sé ag corraí ‘s ag lúbadh chuid cnámha
‘S bhí leithead cruach Phádraig de mheall ar a dhroim.

Ba é an beithíoch ba ait é dhá dtiocfaidh ‘s dá dtáinig
Bhí dhá chupóg go chluais air go hard os a chionn
Bhí féasóg chomh tiubh air ‘s go ndéanfadh sí cábla
‘S gan caint ar an bhfásach bhí ar mhullach a chinn.

Bhí dhá chois chomh fada air le dhá mhaide rámha.
Bhí leithead dhá bhráithlín go maith ina dhroim
Bhí a’ chluasa chomh leathan le cupógaí sráide
Is maillí chomh crochta air nós buntsop an tí.

‘S thosaigh sé ag pramsáil ‘s é léimneach in airde.
Agus chloisfeá chaon ghráig uaidh go réidh in Áth Cinn
Is nach mise bhí i dteannta ‘s gan goir agam-sa é a fhágáil
‘S gan fhios a’m cén t-am a mbeadh an bás os mo chionn.

Is nach mise a bhí i dteannta i mo staic i mbéal bearna
Ag guí go cráifeach ag iarraidh theacht thríd
Agus smaoiníos i m’ intinn go ngéaróinn mo rásúr
‘S rinne mé búistéireacht ghránna air ó eireaball go droim.

‘S tharraing mé liom, an diabhal, is cheanglaíos don aill é
Sa gcaoi ‘s nach mbeadh fáil ar dhá dtiocfadh sé thríd
Ach go deimhin má tharraingíos ní dheachaigh cónra ná clár air
Is tá sé ar thóin an phoill bháite ‘s nár thaga sé aníos.