An Casaideach Bán – Corn Uí Riada 2017

Téamaí

An Casaideach Bán

Thug mé an ruaig údan ó mhullach na Cruaiche
Is chugat anuas chun a’ tSléibhe Bháin
Ar thóraíocht mo chailín deas a d’fhág m’intinn buartha
Is rinne sí gual dubh go mo chroí ina lár
Is d’at mo ghuaillí ‘s shnóigh mo chluasa
Is fuair mé an fógra glan géar ón mbás
Níl aon duine dár chuala mo scéal an uair sin
Nach dhúirt go mba thrua bocht é mo Casaideach Bán.

Ar cheann an staighre atá plúr gach maighdean
Sí siúd an mheidhreog an bhrollaigh bháin
Sé an truaigh nach liom í gan bó ná puntaí
Is í a bheith gan cuntar liom ar láimh
Ó dhéanfainn teach mór dhuit ar shiúl an bhóthairín
Is chuirfinn cóistí faoi do chlann
Is a chúilín ómra dhá mblífeá bó dhom
I do cheangal fómhair ní chuirfinn suim.

Is nach aisteach an réasún le haghaidh gur chuir tú i gcéill dhom,
Nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Is go ndéanfadh an ghealach solas go Éirinn,
‘S nach lasfadh na réalta i dtús na hoíche,
Níl brí ná spreacadh i dteas na gréine,
Is nach snámhfadh na héisc ar an mhuir gan braon,
Is go n-ardóidh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Is go deo ní thréigfidh mise grá mo chroí.

Is bhí mé seal ag foghlaim Béarla,
Is dúirt na cléir liom gurbh mhaith í mo chaint,
An fhad úd eile gan unsa céille,
Ach ar nós na héiníní atá faoi bharr na gcrann,
Amuigh san oíche gan foscadh ná dídean,
Is an sneachta dhá shíorchur ar íochtar gleann,
Is a chúilín donn deas, ar chaill mé mo chiall leat,
Is nár fhága tú na grásta mura n-éalódh liom.

Is bhí mé ag coláiste go dtí am mo bhearrtha
Is ar an ardscoil ar feadh chúig bliain
Is fuair mé oideachas agus comhairle ón eaglais
Ach faraor cráite gur bhris mé thríd
Is rí-mhór é m’fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Is nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfad saor
Mar is mó mo pheaca ná leath Chruach Phádraig
Mar gheall ar an ngrá a thug mé go iníon maoir.

Agus siúd í tharainn í an eala bhán dheas
Is í chomh gléasta le bean ar bith
Sé an trua gur gineadh í i mbroinn a máithrín
Mar is le haghaidh mo bhás-sa a rugadh í
Níl bun cíbe na tulán timpeall
Ins na gleanntáin aoibhinn ina mbíonn mo ghrá
‘S nach bhfuil ceol dhá sheinm ann go ló ‘s go oíche
Ach go bhfóire Críost ar an gCasaideach Bán.