Currachaí na Trá Báine – Sean Nós

Téamaí

Currachaí na Trá Báine

Is mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, nach breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, cur fhataí nó a’ baint fhéir.
‘S níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.

‘S mo mhallacht do na currachaí ‘s mo bheannacht do na báid;
‘S mo mhallacht do na currachaí atá thall in san Trá Bháin
Siad a bhain mo cheathrar deartháir dhíom a raibh an fheilm acu ann.
Ach is cuma leis an gCeallach é mar ‘sé fhéin atá ina n-áit.

Agus faraor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg,
Nuair a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéal beo
Níl aon deartháir a’am ‘s níl aon deirfiúir a’am is níl mo mháithrín beo;
Is tá m’athair fhéin lag goilliúnach ‘s a Chríost, nach ionadh dhó.

Agus shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann sibh i dtír;
Go gcaoinódh mná óg an bhaile sibh bhur gcleamhnas ‘s bhur  ngaol;
Is chuirfí cónraí gheal oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Is ní bheadh sibh dhá mboncáil idir farraigí ná dhá gcur ó thaobh go taobh.

Agus d’fhága siad an baile amach ar maidin leis an lá.
Ó Dia linn agus Muire mar siad an triúr a chuaigh sa ngeall;
Níl  blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘s an currach ar an trá.

Agus báitheadh Seán ‘s Peadar orm, bhí cathú agam ina ndiaidh,
Is báitheadh deartháir eile orm ó  Máirtín fadó ariamh.
‘Sé Micil bocht ba mheasa liom dár bhfaca mé ariamh
Is mo mhallacht don tonn bháite, mar ‘sé a d’fhága mé ina ndiaidh.

Is nach é an Ceallach a bhí náireach nuair nach labhradh sé le Bríd;
Mar bhí sí seacht seachtainí i stór na ragannaí
Níor chleachtas mhór é sin uirthi dhá mbeadh a muintir cruinn;
Mar bhíodh sí ag baint an charraigín ‘s á triomú leis an ngaoth.