Máire Ní Eidhin – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Máire Ní Eidhin

‘S ag goil an Aifrinn dhom le toil na ngrásta
Bhí an lá ag báisteach is d’athraigh an ghaoth.
‘Sea casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
Agus thit mé láithreach i ngrá le mnaoi.
Is labhair mé léithe go múinte mánla
Is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí.
Séard a dúirt sí “Raiftearaí, tá m’intinn sásta
Agus gluais go lá liom go Baile Uí Laoi”.

‘S nuair a fuair mé an tairiscint, níor lig mé ar chairde é
Nach rinne mé gáire ‘gus gheal mo chroí
Ní raibh le ghoil againn ach trasna páirce
Is níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí.
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
Is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí.
Séard a dúirt sí “Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte,
Tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Laoi”

Is is í Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is deise méin is áille gnaoi
Míle cléireach le ghoil in éineacht
Ar trian a tréithe ní fhéadfainn scríobh.
‘S bhuail sí Déirdre le breáichte is Véineas
Is dá n-abrainn Helen le’r scriosadh an Traoi
Siúd í an chraobh is cé d’iarrfadh a héileamh
Leis an bpabhsae glégeal atá i mBaile Uí Laoi.

Is nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Laoi
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
Is ceiliúr na n-éan ann mar na ceolta sí.
Níl brí san méid sin dá bhfaighfainn léargas
Ar bhláth na gcraobh atá lena taobh
‘S níl maith dhá shéanadh níos faide ar aon neach
Mar sí spéir na gréine í, atá i mBaile Uí Laoi.

Is dhá siúlfainn Sasana ‘s an Fhrainc trí chéile
An Spáinn, an Ghréig ‘s ar ais arís
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne
Is ní fheicfeá féirín ar bith mar í
A grua trí lasadh is a malaí caola 
Is a h-aghaidh dhá réir is a béal tais mín
Scoth ban Éireann as ucht an scéil sin
A thug an chraobh dhuit i mBaile Uí Laoi.

Is a réalt an t-eolas a ghrian bhreá an Fhómhair
A chúilín ómra a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanfaidh mé comhairle
Faoi choinne an Domhnaigh is cá mbeadh á suí
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
Ó punch ar bord is dhá n-óltaí fíon
Is a Rí na Glóire go dtriomaí an bóthar
Go bhfaigh mé an t-eolas ar ais arís