Máire Inis Toirc – Sean Nós na bhFear 2015

Téamaí

Máire Inis Toirc

‘Gus dhíbir na sagairt mé amach faoi na gleannta,
Tá mo chliú caillte is caithfidh mé rith;
Ní phósfainn-se bean ar bith a bhuailfeadh le geall mé
Mar gur minic le ráithe gur chuir sí mé ag gol.

Bhí mé ar oileán is ba fiáin an áit é,
Is thug mé seársa thrí na lár soir,
Dhearc mé an ainnir is labhair sí go fáiltiúil,
Séard dúirt sí ‘Céad fáilte nó cá bhfuil tú goil?

Seachrán na farraige a chuir as an áit mé
Ag tóraíocht mo bháidín a d’imigh le sruth.
Dá bhfanfadh sí agamsa bliain eile nó ráithe,
Bheadh fuath nó céad fáilte agam ó Mhaire Inis Toirc.

Leag sí anuas agam bord a raibh fíon air,
‘Éirigh i do shuí nó go n-ólfaidh muid deoch.
Tá lán buidéal agamsa is na gloineachaí líonta.’
Beidh paiste den oíche a’inn ar Mháire Inis Toirc.

Dhá dtéinnse go Gaillimh le Beairtlín an bádóir
Nach iomaí fear álainn a dhearcfadh a dress.
Lasaigh cois ballaí le neart tinte cnámha,
‘S gurb é síogaí na sráide a bhí faoina dhá cois.

Bhí asail is capaill is múilí ag rith rás ann
Is bratachaí arda i mbarr gach cleith,
Ag Carraig an Mhatail ‘sea d’fhógair sí pardún
Is éard dúirt sí ‘Ná báigí Máire Inis Toirc.’

Bhí pictiúr na corónach chun tosaigh ar a cóiste
Piostal ina póca is ceann lán ina glaic,
Popsaí den airgead is búclaí den ór buí,
Is cé déarfadh nach seoid í Máire Inis Toirc.