Línseach Bhearna – Sean Nós na bhFear 2018

Línseach Bhearna

Is ag goil ó Chasla aniar is mé lag tuirseach go mo thriall,
I mBearna ‘sea d’iarr mé áras.
Is fuair mé sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a b’fhásann cnóannaí ‘gus airní.

‘Gus, déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre fós,
Beidh airgead i stór an mháistir,
Is arm seasta i gcóir, ag tíocht ag déanamh spóirt,
Is iad ag amharc ar an ógfhear álainn.

Fíon is puins go leor a bhéas eadrainn ar bord,
Sláinte fear dhá ól trí ráithe.
Is séan ar an oidhre óg nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

Is tá loingis ag an Línseach a deineadh ins sa tír seo
Go choillte is de chrainnte a d’fhás dhó.
Is gléasfar cabhlach chruinn, i bhfoirm cheart ‘s i gcaoi
Is beidh a gcuid gunnaí ar a dtaobh ag lámhach.

Nach mór an spóirt sa tír nuair a bhéas an chabhlach linn
A gcuid slata seoil faoi shíodaí bána
Is anois tá an chabhlach cruinn, is tiocfaidh anall an Rí
Is beidh sé ar chuairt mhíosa i mBearna.

Céard a dhéanfas muid ansiúd má théann sé choichín anonn?
Titfidh an dúiche uilig faoi smúit mar gheall air.
Is go n-imeoidh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le teann cumha
Is na héanlaith, scaoilfidh siad a gclúmhach le fána.

Tá an Línseach álainn úd a bhfuil na diamonds os a chomhair
Is i dtagann iasc i chuile chuan mar gheall air,
Is gur deise gnúis a shúl ná an réalt ar maidin dhrúcht
Is gurbh é shamhail é ná bláth na úll sa ngáirdín.

Is fásann cruithneacht fhéin san áit a siúlann sé
Chomh fairsing is tá féar glas i mBearna
Is gur gile a thaobh ná an t-aol, ‘s deirge a ghrua ná an chaor,
Nuair a aibíonn sí ar chraobh i ngleannta.

Tá iníon Rí na Gréige ag fáil bháis le cumha ina dhiaidh
Níor chodail a súil néal le trí ráithe.
Is gurbh é a deir briathra a béil gur aingeal é fhéin,
A bhíodh i gcomhluadar Mhic Dé na nGrásta.