Úna Dheas Ní Niadh – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Úna Dheas Ní Niadh

‘S dhá mbeinnse seal mar a bhí mé, gan aois gan pianta cnámha
‘S ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian
Bheinn go síoraí ag seinm ceoil dhi, mar sí is deise is binne glórtha
Leis an méid a dtug mé grá dhi a rinne áras i mo chroí.

‘S cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar mhná i gcónaí
Nó a bheith ag súil le blas a bpóga nach í an ógh í a bheannaigh Críost
Dhá mba liomsa uilig críoch Fodhla i do dhiaidh ní mhairfinn beo mí,
‘Sé mo léan gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

Is dá bhfeicfeá í Dé Domhnaigh, is í réitithe amach go cóiriúil,
Nár gheall leis an réalt eolais í is í goil romham amach sa tslí.
Ní baol seachmaill ná ceo ar bith a choíchin ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós uirthi chomh mómhar le mo mhian.

‘S tá cúilín trilseach fáinneach is é fillte gar dhá cluasa.
Tá a dhá grua mar na rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is nach fada ó gheobhadh na sluaite bás mar gheall ar an stua bhean
Murach an áit ar cheap Dia lóistín di i dteorainn Inis Nia.

‘S dhá mbeadh sí suas in éifeacht ‘s comhairle a bheith ina chéile
An t-am a raibh na Gréigigh ag goil chun troda leis an Traoi.
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is sé Páras an ceann réitigh a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

Is dhá bhfaighinn-se a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bhonaparte
Saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn fhéin ar láimh dhi
Le súil is gur mise an páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

Is nach mór an t-údar éagnaigh nár rugadh bliain roimh ré í
Sul má cailleadh fir níos tréine ná bhéarfar arís choíchin
Ó Heirciléas is a ghaolta, ‘s cén mhaith dúinn bheith dhá shéanadh
Ach é a fhágáil ag lucht léinn is ag na seanchairde le roinnt.