Tógfaidh mé mo sheolta – Sean Nós na bhFear 2019

Tógfaidh mé mo sheolta

Tógfaidh mé mo sheolta go dobrónach ar maidin,
Ag cur tuairisc mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfadh.
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go dtosaí an fómhar ag goil chun finne
Is nach rí dheas an rud í an óige, ‘s i ndiaidh mo stóirín atá mise.

I mo dhilleachtín chráite a fágadh mé gan athair,
‘S dhá mbeadh mo chlú i ndán dhom cé’n chás dhom a bheith folamh,
Níl aon fear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
‘S nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná a ghoil ar aon chor go na flaithis.

‘S thuas i gciumhais an tsléibhe atá an péarla a bhíonns mo mhealladh,
‘S sé buachaill na gruaige báine a bhfuil fáthadh an gháire faoina hata,
Agus gheall sé go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala,
Ach ní léir dhom na cros bhóithrí ag na deora go mo dhalladh.

‘S tá fhios ag Dia dílis gur iomaí smaoineamh crua deacrach
A théanns trasna thrí m’intinn chuile oíche dhom is mé ar mo leaba
Ach más tusa fhéin atá i ndán dhom is gan fáil agam a ghoil tharat
Bí romham ag na crosbhóithrí is beidh muid pósta goil abhaile.

‘S tá féar fada ‘gus fásach i ngleanntáin áille i bhfad ó bhaile,
A bhfuil úllaí ‘gus airní i fás go hard ann i mbarr cranna,
Is cuma liomsa céard a déarfas aon neach, ní hé mo chéadsearc a déarfas tada,
Ach má sí do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí amuigh ar leic an teallaigh.