Na Buachaillí Bána – Sean Nós na bhFear 2019

Na Buachaillí Bána

Éirígí suas ná faillígí an uair
Tá an tseachtain anois ins an láthair.
Go scaoiltear na duail atá fite go crua
‘S lasaimid coinneal go Mhártan.
Ó seasaidh le cliú is ná téigí ar gcúl
Go gcuirfidh muid fúinn gach garda
Biseach is bua go bhfaighidh muid go luath
Is go leagfaidh Macduach ár namhaid.

Nach fada le fán an charraig gan smál
Nach scoiltfidh go brách is nach bpléasfaidh,
A chruthú le fáil, ‘sé is ainm dhó Seán
Is gurbh é Peadar a ghearr an foundation.
Tá crann ina lár is a leigheas dhá lán
Is gurbh é Liútar a ghearr na plantations
Na suckers a d’fhás, críonfaidh a mbláth
Agus beidh siad ar láir más féidir.

Cuirim impí ar mhnaoi nár pheacaigh ina saol
‘S m’achainí ar Rí gheal na ngrásta
Go bhfeicfidh muid peelers lag marbh sínte
Scaipeadh agus scaoileadh ar ghardaí.
Liberty tree cois balla chaon oích’
Ag lucht ribíní is tintreacha cnámha
Daly ‘gus Deely bhí mionnú ar an tír,
A gceann i mbarr spílle in airde.

Dhá dtuigfeadh an saol nach mbeadh ann aon rí
Ach sinn a bheith trína chéile
Bheadh mo shleá le mo thaobh is mo chlaíomh liom síos
‘S muid ag ruaigeadh Gaill as Éirinn.
Bheadh an Ruarcach Mhaigh Loch gan scolb gan scrath
‘S Frank Kelly ag iarraidh déirce
Parlaimint thart is Gael ar a gceart
Bheadh lucht ribíní in airm is in éide.

Nach fada liom suas go gcloisim an fhuaim
An drumadóir ag gluaiseacht ón Spáinneach
Nó go dtaga sé ar cuairt go Connacht anuas
Beidh lucht ribíní ag ól a shláinte.
Fuisce breá crua agus fíon folláin fuar
A bheas againn ag ruaigeadh ár namhad
Is cuirim ó Ruairc amach go dtí an dún
Is a bhfuil fanta dhá shluaite ar garda.