Úna Dheas Ní Nia – Sean Nós na bhFear 2016

Téamaí

Dhá mbeinnse seal mar a bhí mé, gan aois gan pianta cnámha
‘S ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian
Bheinn go síoraí ag seinm ceoil dhi, mar sí is deise is binne glórtha
Leis an méid a dtug mé grá dhi a rinne áras i mo chroí.

‘S cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar mhná i gcónaí
Nó a bheith ag súil le blas a bpóga nach í an ógh í a bheannaigh Críost
Dhá mba liomsa uilig críoch Fodhla i do dhiaidh ní mhairfinn beo mí,
‘Sé mo léan gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

Is dá bhfeicfeá í Dé Domhnaigh, ‘gus í réitithe amach go cóiriúil,
Nár gheall leis an réalt eolais í is í goil romham amach sa tslí.
Is ní baol seachmaill ná ceo ar bith a choíchin ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós uirthi chomh mómhar le mo mhian.

‘S tá cúilín trilseach fáinneach is é fillte gar dhá cluasa.
Tá a dhá grua mar na rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is nach fada ó gheobhadh na sluaite bás mar gheall ar an stua bhean
Murach an áit ar cheap Dia lóistín di i dteorainn Inis Nia.

‘S dhá mbeadh sí suas in éifeacht ‘gus comhairle a bheith ina chéile
An t-am a raibh na Gréigigh ag goil chun troda leis an Traoi.
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is sé Páras an ceann réitigh a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

Is dhá bhfaighinn-se a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bhonaparte
Is saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
‘S níl pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn fhéin ar láimh dhi
Le súil is gur mise an páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

‘S sí Úna mhaiseach mhómhar a fuair bua ar mhná chríoch Fódhla
Le stuaim, le gean is le córtís, le cóiriúlacht is le gnaoi.
Ach dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breá deasa a’ tsóláis
‘S sí Úna Bhán a thógfainn i dtosach ar mhná an tsaoil.

Is nach mór an t-údar éagnaigh nár rugadh bliain roimh ré í
Sul má cailleadh fir níos tréine ná bhéarfar arís choíchin
Ó Heirciléas is a ghaolta, ‘s cén mhaith dúinn bheith dhá shéanadh
Ach é a fhágáil ag lucht léinn is ag na seanchairde le roinnt.