Cuaichín Ghleann Néifinn – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Cuaichín Ghleann Néifinn

‘S tá féar fada ‘s fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
‘S tá úllaí ‘gus a chuid dealraí ag fás go hard ar bharraí cranna ann.
Dhá mbeinnse ‘s mo stóirín pósta is an saol ag gabháil mar ba cheart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí ‘gus luach an óil ag bean a’ leanna.

Is tá smúit ar na réalta, ar an ngrian ‘s ar an ngealach,
‘S ar amharc mo shúile ní léir dhom an bealach,
I ndiaidh cuaichín Ghleann Néifinn nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín tabhair ón bpian mé mar sé do mhéin bhreá atá do mo lagan.

Is dhá mba liomsa oileán Éirinn trí chéile ’gus an Bhreatain,
Is a bhfuil don ór buí craobhach ag Séarlas Ó Fathaigh,
Is nach dtabharfainn uilig go léir é as ucht mo chéadsearc a bheith agam
I ngleanntáin mhín Néifinn nó i mBéal an Áth Fada.

‘S tá cailín óg deas i mbarr an tsléibhe is nár dheas an féirín í le mealladh,
‘Gus chaith mé an oíche aréir chúns go bhféadfainn í thabhairt abhaile,
Sé chúitíos le Seán Seoighe a’ bheith romham-sa ar mo bhealach,
‘S bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín, is sé pingine go mo leaba.

Agus fágfaidh mise an áit seo mar tá sé an-uaigneach,
Is rachadh ar thóraíocht mo mhíle stóirín ins gach áit dá bhfaighinn tuairisc,
Ní léir dhom na crosbhóithrí ag na deora do mo dhalladh,
Sé mo léan géar gan teach mo lóistín san áit a gcóiríonn tú do leaba.