Bríd Thomáis Mhurchadha – Amhráin is Ansa Liom 3

Amhránaí

Bríd Thomáis Mhurchadha

‘S tá gairdín mín milis ag Bidín taobh thall den tsliabh,
Fásann úllaí ar chranna ann a bhaintear faoi dhó sa mbliain.
Tá na ródannaí meala ag na meachain ins gach ceard den tsliabh,
Is tá siúcra donn craite ar a mblaiseann mo ghrá den bhia.

Is a Bhideach na gcarad tig feasta nach súgradh é,
Ó shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil.
Ó thug mo chroí gean dhuit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Is gur mó tá mo ghean ort ná ar chailíní deasa an tsaoil.

Is nach deas mar a bhíonns an eala ar an toinn is í a’ snámh,
Is ní deise ná na héiníní a chodlaíonn faoi bharr na gcrann.
Níor dhóigh don uisce seo titim ná dh’intinn ban,
Is gur fear gan aon mhisneach nach rithfeadh naoi n-uaire an seans.

Is rachaidh mé go Sasana is ceannóidh mé gairdín úll,
Beidh loing a’m ar farraige le bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint abhaile dhom agus siota beag a fháil den chóir,
Is ní chónód faoi bhealach nó go mblaisfinn do phóg mo stór.

Is milse póg Bhidín ná uisce Loch Éirne ar fad,
Is ná an chéad scoth den chruithneacht is í fuinte as úr-mhil bheach.
Tá an bhráid aici is gile ná an eala atá ina luí ina nead,
Is gur le do rós-bhéilín meala sea a mheall tú na céadta fear.

’S má bhí mise folamh dar m’fhocal gur mhór an scéal,
Is a liachtaí bean dheas a thug taitneamh go glór mo bhéil.
Dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur shneachta chuile cheard faoin spéir,
Ach thusa ’ bheith i m’aice is dheamhan a n-aireoinnse buaireamh an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchadha ó molaimse leatsa an sway,
Le gile, le finne, le deiseacht is áilne méin
Do chúilín deas triopallach is é fite ina thraoilsí óir,
Is an té a bheadh gan amharc go ndéanfadh sé soilse dhó.

’S a Aon-Mhac Muire ’ chuir an cuileann thríd an bhféar a’ fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Ach má tá sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bíodh tusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.