Eascann Bhaile na hInse – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Eascann Bhaile na hInse

Tá eascann i mBaile na hInse agus is binne í faoi thrí ná an chuach,
Nuair a thosaíonn sí feadaíl san oíche, cloistear í naoi míle ó thuaidh;
Is fear as Doire Fhada a chuaigh síos, ní fhaca sé ach binn dhá cluais,
Sé m’fhaitíos go ndéanfaidh sí mísc, is go sábhála Críost Seán Rua.

Óra, éirigh is cuir ort do chuid éadaigh nó go dtéigh muid faoi chomhair na péist,
Is go dtuga muid scéala ceart linn an ndearna na húdair bréag;
Más ain-spioraid í a ghluais as dí-deamhain is tá ag coinneáil an chuain dhí fhéin
Ta súil agam go gcuirfear í ar siúl le muinín as cumhachta Dé.

Ní chreidfinnse focal a mbéil mar cumann siad bréag go humhal,
Nó go dtéinn san aistir mé fhéin is í a fheiceáil le léargas mo shúl;
Is chuaigh muid sa mbealach go díreach ar mheasamar í bheith ann,
Is gur chriothnaigh an talamh inár dtimpeall ‘gus cluineadh glór binn san áill.

Is chonaic mé a heite is a droim, a drioball is rian dhá ceann,
Ba mhó í ná Cnoc Ros a’ Mhíl is ná an Cillín aríst taobh thall;
Nuair a chonaic sí mise taobh thuas dhí, is gur chas sí naoi n-uaire an chéim,
Ó ghearr mé an Chroich Chéasta an mo ghrua is choisric Seán Rua é fhéin.

Chuir Hercules ladar ins an saol mar a chuireann siad síos i leabhar,
“Ní móide nó tá tú faoi dhraíocht is thú bheith ag caitheamh do shaol ar abhainn;
An iníon úd, a bhí ag rí fo-thoinn ar arm an tsaoil fuair bua,
Is mór m’fhaitíos go ndéanfaidh tú mísc ach go sábhála Críost Seán Rua.”

‘Muise, caithfidh mé freagairt don tréad agus shíl mé nach ndéanfainn speech,
Ach tá mé faoi gheasaí, mo léan, is faoi iomad mhór an tsaoil;
Shiúil mise thart timpeall na hÉireann is anseo tá mé ag ligean mo scíth,
Nó go bhfeice mé cnámhannaí géill mo linbh a d’éag sa nGoirtín.