An Buachaillín Múinte – Sean Nós na mBan 2013

Amhránaí

Téamaí

An Buachaillín Múinte

‘S a bhuachaillín mhúinte, céad faraor cráite
Go dtug mé grá dhuit i dtús mo shaoil,
Shiúlfainn Éirinn ‘gus thart Cruach Phádraig
Is a bhfuil mo ghrá bán ní bhfaighinn aríst.

‘S bhí a shúilín thaitneamhach is a bhéilín ag gáire
‘S bhí dath an óir bhuí ar ghruaig a chinn,
‘S a ghrua ba dheirge ná an rós sa ngairdín,
A rí na ngrásta nach mór an feall.

‘Gus bheirim mo mhallacht don arm Ghallda
A bhain mo ghrá dhíom i dtús mo shaoil,
Is nach iomaí lá breá ‘gus oíche fhada airneáin
A chaith mé i ngrá leat ar an mBóthar Buí.

Dhá dtagadh sé sa saol go mbeinn leat pósta
Mura mairfinn beo leat ach an t-aon bhliain amháin,
Is mé go síoraí ag smaoineamh ar do bhrollach síodúil,
‘S mo chroí dhá inseacht dhom nach bhfuil maith dhom ann.

‘Sé an truaigh nach bhféadfainn do chás a réiteach,
‘S an brat trom chéadach a bhaint dhíom fhéin
Tá deireadh mo chuid cainte le do bhéilín déanta
A Dhia dhá réiteach nach bocht í an chaoi.