Amhrán an Stímear – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Amhrán an Stímear

Tá scéal a’m le n-aithris nó an gcuala sibh cheana é 
A tharla le gairid san áit seo, 
‘Gus níl aon am agamsa len í a inseacht ar fad díbh. 
Nó go dtaga an oíche fhada ‘san áirneán.

Faoin Stímear atá tagtha Cill Chiaráin le seachtain, 
Is dócha gurbh é an mí-ádh chas ann í, 
Tá an baile thrí lasadh ó oíche go maidin, 
Is níl tada ann ach ceol is pléaráca.

Ó d’fhága mé an baile tráthnóna lá cheana 
Mar is minic mé ag imeacht go fánach. 
Ó casadh isteach mé Tigh Mhac Bheairtle Bhreathnaigh 
‘Gus shíl mé nach b’fhágfainn go brách é.

Dheamhan fear bean ná gasúr ó Charna go Casla. 
Ná raibh cruinnithe ina seasamh ar an tsráid ann 
Bhí an mata ar an teallach gan hata ná caipín 
‘Gus baithis chomh maol air le pláta.

Ó rinne mé mo bhealach isteach go dtí an tairseach 
Tháinig Colm is chuir sé romham fáilte 
‘Séard dúirt sé bí ag damhsa ó casadh an bealach thú 
Ní ghabhfaidh tusa siar go dtí amárach.

Is ní bréaga ná magadh nach bhfuil cailíní deasa, 
Ó Chill Chiaráin is anoir ó Choill Sáile 
Níl aon aird ar aon fhear ach ar Mhac an Chaiptín 
Is ag fiafraí cé a’inn bean is fearr leis.

Is a bhuachaillí an bhaile nach dona an scéal agaibh 
Lá a dtáinig na Scotties thar sáile 
Mar níl aon bhlas agaibh ach ina seasamh le ballaí 
Is na saelaeraí ag cúinneáil is ag gáire.

Ní hé sin an ceapadh a bhí ag fir óg an bhaile 
Gur b’shin é an chaoi a bhfágfadh na mná iad 
A thabharfadh amach iad le fágáil sa mbaile, 
Is go n-éalódh sí amach as a lámha.

Tá na mná seo an-chleasta níl fear dár fháisc bairiall 
Nár imir siad cleas luath nó mall air, 
Mar chinneadar cheana ar Aristotle 
Thug sé a sheacht míle mallacht go brách dhóibh.

Is a chailíní deasa ná glacaigí fearg 
Mar gheall ar an méid atá ráite a’m 
Mar níl aon bhean agaibh nach mbeidh ina baintreach 
Nuair a bheidh deireadh na feamainne meáite.