Sliabh Geal gCua

Amhránaí

Sliabh Geal gCua

A shliabh geal gCua na féile
Is fada uait i gcéin mé
Im’ shuí cois cuain i m’aonar
Go tréithlag faoi bhrón
An tuile bhuí ar thaobh díom
Idir mé ‘gus tír mo chléibhe
A Shliabh geal gCua na féile
Nach géar é mo sceol.

Dá mbeinnse i measc mo ghaolta
Faoi Sceithín ghlas na séimhfhear
Nuair a scaipeann teas na gréine
Ón spéir ghil gan smál
Nó dá mbeinn ansiúd faoin réalthain
Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
A Shliabh geal gCua na féile
Dá m’fhéidir é a fháil.

Sé mo léan, ná fuaireas tógaint
Le léann is mórchuid eolais
I nGaelainn uasal ceolmhar
Ba sheolta mo bhéal
Do thabharfainn cuairt thar sáile
Is do thabharfainn bua thar barr chugat
A Shliabh geal gCua, ba bhréa liom
Thú ardú i réim.

Mo ghrása thall na Déise
Idir bhánta, gleannta is sléibhte
Ó snámhas anall thar tréanmhuir
Táim tréithlag gan bhrí
Ach ó b’áil le Dia mé glaoch as
Mo shlánsa siar go hÉirinn
Agus slán le Sliabh na féile
Le saor ghean óm’ chroí.